Labhair Ben Ó Faoláin leis an DJ Mr Whippy faoina chuid cheoil, a veain íocónach, cóisirí saor ó dhrugaí agus faoi uaireanta oscailte na hÉireann.
B’fhéidir go bhfaca tú é. I lár na coille ag an Electric Picnic, i lár an aonaigh ag Féile Ealaíon na Gaillimhe nó cois fharraige ag Féile Chultúir na Cruinne i nDún Laoghaire.
Dioscmharcach gealgháireach i hata Kangol ag preabadh suas-síos, ceirníní á gcasadh aige ar phéire Technics i sean-veain uachtar reoite.
Fuaimeanna na dtíortha teo, hip hop, seoda dearmadtha dioscó-funk agus dordcheol Iamáice is Londain ag rith tríd an aer.
Slua rinceoirí bailithe ar urlár rince faoin spéir. Sin agat Mr Whippy Soundsystem. Ach éist, níl ceirníní á gcaitheamh le chéile go leisciúil ag an DJ seo. Tá gliceas ar leith sa tslí a roghnaíonn Mr Whippy ceirníní áirithe chun téama a chruthú, gné de cheird an DJ nach gcloistear ró-mhinic sa ré dhigiteach.
Toradh scór bliana mar bhailitheoir ceirníní móide taithí fhada mar rinceoir.
Ní féidir an stuif seo a mhúineadh.
“Is maith liom tabhairt faoi phéire caschlár agus an ceol a bhfuil i mo mhála agam a chur le chéile chun atmaisféar a chruthú”, arsa Mr Whippy, “taobh A agus B an cheirnín, rianta ó albaim.”
“Déanaim forbairt ar smaointe a bhí agam agus mo mhála á phacáil don ghig agam, smaointe atá bainteach leis an ócáid, an láthair agus na daoine ann.
“Bím ag iarraidh comhthéacsanna nua a aimsiú chun poirt mhaithe a chur i láthair.
“B’fhéidir go mbeadh spéis ag duine eile seomra a racáil le poirt roghnaithe ar Youtube ag an lucht rince, ach ní dhéanaimse é sin.”
Bhí cumas cruthaitheach céanna Mr Whippy bainteach le bunú Mr Whippy Soundsystem an chéad lá.
“Bhí coincheap Mr Whippy Soundsystem ar cheann den iliomad smaointe faoi chlubanna agus dhioscmharcaíocht a ndearna mé féin agus mo chara DJ Lex Woo plé orthu thar na blianta,” ar sé.
“D’imigh mé sall go Notting Hill Carnival bliain amháin agus bhíomar ag rince ag córas fuaime an DJ Norman Jay. “Bíonn sé ag dioscmharcaíocht in airde ar bhus dearg dhá stór. Theastaigh uaim riamh dioscmharcaíocht a athlonnú lasmuigh faoin ngrian freisin, agus rith sé liom go bhfuil an chiall shiombalach chéanna ag veain uachtar reoite do phromanáid Dhún Laoghaire, mo bhaile dúchais, agus a bhfuil ag bus dearg do Londain.”
Ceannaíodh an veain, Ford Transit na bliana 1972, ar E-bay.
“Chuamar sall go Holyhead (Caergybi) ar an mbád farantóireachta chun í a bhailiú”, a deir sé, “d’iompaigh sé ina eachtra ghreannmhar Roddy Doyle nuair a thuigeamar ná raibh tuairim againn conas í a thiomáint!”
Chabhraigh a chara Brian Nolan (DJ Beano) le Whippy grafaicí iontacha MWSS a fhorbairt.
“Bhí a lán craic ag baint leis. Bhí fonn ar Bhrian dearadh a dhéanamh ar chomhartha mór ‘MIND THAT CHILD’. D’fhreagair mé, ag magadh, “ní dóigh liom é… ‘CHILL THAT MIND’.”
Comhthéacs nua do cheol Mr Whippy anois í gluaiseacht na gcóisirí saor ó dheoch agus dhrugaí. An bhfuil aon mhaith in oícheannta mar ‘Flux’ agus ‘Funky Seomra’?
“Bíonn maith agus olc ann, ar nós aon chóisir eile”, a deir Whippy.
“Ach caithfidh mé a rá nár thuigeas roimh freastal orthu chomh ciniciúil agus atá an nasc idir ceadúnú dí agus rince le ceol, nuair is beag an bhaint idir an dá rud, i ndáiríre.
“B’ait liom fuinneamh iontach an lucht rince, agus an tslí a mbuaileann ceol rinceoirí nach bhfuil tar éis ól.
É sin ráite, go frith-iomasach bhraitheas beagáinín míchompórdach, go cultúrtha, toisc go bhfuil taithí agam ar dhioscmharcaíocht do shlua a bhíonn ag ól!”
An bhfuil na cóisírí úid saor ó dhrugaí, i ndáiríre?
“Is ait an rud é, tá formhór mo chomhghleacaithe a chasann i dtábhairní sceiptiúil faoi seo, ach ní dóigh liom go bhfuil drugaí á nglacadh go rúnmhar,” ar seisean.
“Creidim go bhfuil daoine braon des na húrláir rince báite le deoch doirte sna tábhairní. Ag cóisir saor ó dheoch níl an ceangal sin idir am dúnta an bheair agus deireadh na hoíche – bhí sé iontach a bheith ábalta dioscmharcaíocht go dtí a ceathair ar maidin ag cóisir ‘Flux’ i mBaile Átha Cliath le déanaí.”
Sea, tá ar ghnáth-chlubanna na tíre seo críochnú fíor-luath san oíche. Ach dá mbeidís oscailte tríd an oíche an mbeadh muinín ag Mr Whippy as muintir na hÉireann dul abhaile nuair a bheadh a ndóthain ólta?
“Sin ceist chultúrtha níos leithne”, arsa sé.
“Nuair a bhímísne ag tabhairt dioscmharcacha sall ó Bheirlín go BÁC sna nóchaidí b’aoibhinn leo críochnú go luath.
“Ní nirbheána dóibh sin ceirníní a chasadh do dhornán beag daoine go 7rn agus an fuinneamh imithe as an gcóisir.
“Sin ráite, is i Maidrid agus Beirlín a bhí cuid des na hoícheanta is fearr ceoil agus rince agam – gan deabhadh ort, gach rud ag tárlú ag a luas féin, casadh le daoine, ag ithe, ag rince. Tá difríocht mhór sa mhéid is nach mbíonn Madrileños ná Berliners caoch ag 3rn! Ba bhreá liom leagan de sin a fheiscint anseo.”