Tá físeán ceoil iontach curtha amach ag an phíobaire aitheanta John McSherry a ghabhann le rian óna albam nua Seven Suns a bheas á sheoladh ar an 12 Samhain.
Idir cheol agus bheochan, músclóidh ‘The Altlantean’ céadfaí na samhlaíochta.
Píosa ceoil nuachumtha is ea é atá mar réamhtheachtaí ar a bhfuil le fáil ar an dara albam aonair leis an cheoltóir as Béal Feirste cois cuain.
Ag labhairt le NÓS dó, dúirt John go bhfuil an rian seo ag teacht go mór le coincheap an albaim, atá mar a bheadh “turas siar sa tseanstair ann”.
“Baineann ‘The Atlantean’ leis an dearcadh go raibh ról thar a bheith tábhachtach ag Éirinn sa tsaol ársa.
“Tá tuairim ann gurb ionann Éire agus an t-oileán miotasach Atlantis. Scéal maith atá ann, agus níl a fhios agam an gcreidim é go hiomlán,” arsa John le gáire, “ach is léiriú é ar an seasamh a bhí ag Éirinn sa tsean-am agus ar an eolas, ar an chríonnacht agus ar na deasghnátha a bhain leis na daoine a mhair inti.”
Fuair John teideal an albaim ón eitseáil ársa ar chloch i nDubhadh, Co na Mí, an tuama is lú iomrá de chuid Bhrú na Bóinne.
Tagann an bailiúchán 10 rian seo sna sála ar a chéad chnuasach aonair, Soma, a sciob leis duais IMA, gradam Meiriceánach, don ‘Albam nua Éireannach is Fearr’ in 2010.
Ceol nua uilig atá le cloisteáil ar Seven Suns, é cumtha ag John le bliain anuas ar an phíb agus ar na feadóga ísle.
Tá sé á thionlacan ag an ghiotáraí agus léiritheoir Seán Óg Graham, ag draoi ceoil Mhanchain, Mike McGoldrick, agus ag an fhidléir aitheanta as Luimneach, Niamh Dunne.
Seolfar an t-albam in Ionad Ealaíon Duncairn, Bóthar Aontroma ar an 12 Samhain, agus is féidir é a réamhordú anois anseo!