Tá éagsúlacht, agus éisteacht, iontach sna halbaim is fearr a eisíodh le linn 2016 de réir chluasa ár léirmheastóra Ben Ó Faoláin. Seo an 20 acu in ord aibítre.
22, A Million – Bon Iver (Jagjaguar)
Is minic a mheasfá Justin Vernon (Bon Iver) bocht ag deireadh a nirt agus tú ag éisteacht le 22, A Million.
Tá draíocht chatairseach le haimsiú ann, ach sinn sásta a aithint nach bhfuil ionainn mar éisteoirí ach sumairí suaracha ag maireachtáil ar allas anama Vernon.
Baineann Vernon úsáid go mór is go minic as éifeachtaí vocódóra agus eile anseo chun brí na bhfocal a cheilt, ach is go mór chun leas an tsaothair an rud go raibh sé de mhisneach aige an ceol a chur as riocht in ionad ligint do chúrsaí éirí leamh, oiltiúil.
Affinity – Atlas (Ropeadope)
Is iad Cillian Doheny (giotár) as an ngrúpa Moxie agus Cillian King (consairtín) Atlas.
Tá a n-albam début, Affinity, fréamhaithe sa cheol traidisiúnta ach tá macallaí ann de cheol Penguin Café Orchestra, post-rock fíneáilte Sigur Ros agus electronica aerga Jon Hopkins.
Mar bhall don ghrúpa Notify, bhí King páirteach i gceann eile dos na halbaim is samhlaíche a chuala me ó cheoltóirí na tíre seo i mbliana, InConcept.
Comhnascadh iontach don gceol tradisiúnta agus snagcheol atá le clos ar an albam úd, ach is dóigh liom féin go sáraíonn Atlas é mar albam a n-éisteofá ina iomlán leis ó thús go deireadh. Turas ceart.
Basar – Africaine 808 (Golf Channel)
Is iad Africaine 808 an ceoltóir/léiritheoir Dirk Leyers agus an dioscmharcach DJ Nomad.
Is é a bhí mar bhunús an togra ná iarracht na beirte buillí an mheaisín drumadóireachta Roland Tr-808 a chur faoi bhun sean-cheirníní func-cheoil thrópaiceaigh chun a leaganacha nua, nó re-edits, a chruthú beo ar an láthair ag a gcóisirí rialta ‘Vulcandance’ i gcathair Bheirlín.
Beireann Basar ort ó chéad notaí an phoirt afrai-shnagcheoil leictreonaigh ‘The Awakening’ go dtí go gcuireann buille deireanach gaspal-house ‘The Lord Is A Woman’ clabhsúr ar an albam.
Idir eatarthu tá vúdú-house mall, balearica sícideileach agus dord-house le clos.
Black Focus – Yussef Kamaal (Brownswood)
Tá an t-albam début le Henry Wu (méarchláir) agus Yussef Dayes (drumaí) Londan a taifeadadh mar Yussef Kamaal ar an saothar snagcheoil is mealltaí a eisíodh in 2016.
Chuireadar faoi gheasa ag tús na bliana mé le haoibhneas teann, tomhaiste an riain ‘Strings Of Light’.
Samhlaigh ‘Chameleon’ le Hancock (ón albam Headhunters) léirithe ag 4Hero is tá tú ar an mbóthar ceart.
Tá an chuid eile de Black Focus ar aon chaighdeán leis. Seo ceol nádúrtha, lúcháireach ó cheoltóirí a bhfuil tuiscint agus cleachtadh na tobchumadóireachta iontu go smior.
Blackstar – David Bowie (Sony BMG)
Is tú ag éisteacht le Blackstar ní féidir éalú ón gcomhthéacs inar cumadh agus inar léiríodh an t-albam.
Tá a fhios againn anois gur thuig Bowie 18 mí roimh lá a bháis go raibh deireadh an bhóthair nach mór sroichte aige.
Nuair a chum sé línte mar “Look up here, I’m in heaven” (‘Lazarus’) agus “I’m trying to, I’m dying too” (‘Dollar Days’) thuig sé an bob a bheadh á bhualadh aige ar a éisteoirí is é imithe ar shlí na fírinne.
Níl Blackstar foirfe, ach in áiteanna (‘Dollar Day’s’, ‘Lazarus’, ‘Blackstar’) tá sé iontach.
Imbas – Ensemble Ériu (Raelach)
Tá blas an trad-seisiúin bheo ar Imbas, ach seisiún ag a bhfuil gléasanna mar an mairimbe agus an dordchlairinéad le clos chomh maith le do ghnáth-ghléasanna mar an fhidil, an giotár agus an consairtín.
Cé gur poirt thradisiúnta iad seo, bailithe ó stórtha leithéidí Willie Clancy, Micho Russell agus Tony MacMahon, ní bheidh siad cloiste seinnte díreach mar seo agat cheana.
Ní sin le rá go bhfuil aon rud péacógach faoi stíl Ensemble Ériu – seinntear gach aon ní go deas, réidh, nádúrtha.
Grúpa iomasach a aimsíonn cúinní spéisiúla sa cheol gan cúl a thabhairt don dtradisiún.
IMLÉ – IMLÉ (Gael Linn)
Début iontach, neamhchoitianta ó laochra úra an cheoil Ghaeilge nua-chumtha.
Neamhchoitianta sa tslí go n-éiríonn le hIMLÉ an oiread sin eilimintí éagsúla a thabhairt leo go slachtmhar, nádúrtha. Hip hop, indie, honky-tonk Chonamara agus corr-dhlaíóg sean-nóis.
Iontach sa tslí go n-éiríonn leis an gcodarsnaíocht idir stíleanna cur i láthair Mharcuis Mhic Conghail agus Phádraig ‘Muipéad’ Uí Chonghaile, is iad ag malartú véarsaí ar amhráin mar ‘Críochfort’, ‘Ceap do Shuaimhneas’ agus an ‘Buail Arís Mé’ eipiciúil.
Amhráin fhileata iad seo. Ionraic, macánta leis. Teachtaireachtaí dearfacha gan aon dúnadh súl do dhorchadas agus gruaim an tsaoil a bheith i gceist.
Moon Shaped Pool – Radiohead (XL)
Tá taithí fhada againn ar ghruaim eiseach agus fearg pholaitiúl mar ghnéithe de cheol Radiohead, ach caitheann scaradh Thom Yorke ó mháthair a leanaí scáth dorcha ar leith ar Moon Shaped Pool.
É sin ráite, tá níos mó i gceist anseo ná albam scaradh amháin.
Nuair a chanann Yorke “you’ve really messed up everything” agus “why should I be good if you’re not?”, d’fhéadfadh mífhreagracht an chine dhaonna i dtaobh na timpeallachta a bheith i gceist freisin.
Seo Radiohead ag filleadh ar shean-mhodhanna cumadóireachta agus, i gcásanna mar ‘True Love Waits’ agus ‘Ful Stop’ féin, ar shean-amhráin atá á gcasadh beo acu le blianta fada.
Tá ról lárnach san albam ag fuaim an phianó, chomh maith leis na téaduirlisí gleoite córithe ag Johnny Greenwood.
Ceann gur fiú filleadh chuige fiú munar rug sé ort ar an gcéád cúpla éisteacht.
Nyn – Kristi Stassinopoulou & Stathis Kalyviotis (Riverboat)
Bhíos faoi gheasa ag an albam Greekadelia le Kristi Stassinopoulou agus Stathis Kalyviotis na Gréige nuair a eisíodh siar in 2012 é.
Bailiúchán d’amhráin thraidisiúnta demotika na Gréige gléasta in éadaí nua sícideileacha atá san albam úd.
Tá Nyn chomh lán céanna leis de shamplaí glice, lúibíní siarghabhálacha agus gléasanna eachtrannacha mar an armóin Indiach, ach is amhráin nua-chumtha ar fad atá le clos an babhta seo.
Le teideal a chiallaíonn ‘anois’ sa Ghréigis, is machnaimh é Nyn ar fhulaingt mhuintir na Gréige le blianta beaga anuas.
Fabhairt anama é an ceol in am an chruatain, agus tá tógáil croí san albam seo.
Ragga Preservation Society – Seekersinternational (Diskotopia)
Cheapas go raibh na poirt mhaithe ragga-jungle ar fad cloiste agam, ach bhí dul amú orm.
Thóg Seekersinternational Cheanada ceol an mhion-albaim seo as na céadta sampla bainte ó cheirníní dub reggae na 70í, ceirníní ragga jungle na sean-ré agus taifeadtaí ar chaiséid de chláracha ar staisiúin raidió bhradacha na 90í.
An toradh ná ceol ragga-jungle cúbach ar mire.
Tá an fuinneamh tógálach, agus an dearadh fuaime thar na bearta. Cosúil le Where Were You In ’92 le Zomby ach níos craiceáilte!
Skeleton Tree – Nick Cave (Bad Seed Inc)
Ceoltóir eile a bhí ag saothrú faoi scáth an bháis i mbliana ná Nick Cave, tar éis bhás tragóideach a mhic anuraidh.
Ní haon ionadh gur saothar gruama é Skeleton Tree mar sin, ach is fearr liom Cave a chlos ag ochlán seachas ag screadaíl mar a bhíodh sé fadó leis an ngrúpa The Birthday Party.
Saothar dorcha lán dos na meafair spiacánacha sin atá ina sainghné d’amhráin Cave.
Teens of Denial – Car Seat Headrest (Matador)
Albam fíor-indie-rac na bliana.
Dhein Will Toledo taifeadadh ar 10 albam ina sheomra leapa sarar thug cheirníní Matador cuireadh dó albam iomlán d’amhráin nua-chumtha a leagadh síos i stiúideo proifisiúnta ceoil.
Níor chuir sé an deis amú; seo saothar uaillmhianach curtha i gcrích go teanntásach.
Tá tionchar Pavement, Wire agus Pixies soiléir le clos, is fíor, ach fós is é a fhear féin Toledo.
Deineann Toledo imscaradh ar níos nó smaointe maithe in amhrán amháin ná mar a dheineann gnáth-ghrúpa indie in albam iomlán.
Amhráin iad seo faoi dhrugaí, an galar dubhach agus féinghráin an ógánaigh cumtha i stíl ghlic, liteartha a chuirfidh leithéidí Courtney Barnett, Morrissey agus Jeffrey Lewis i gcuimhne duit.
Telefone – NoName (Féineisithe)
Tá début an ban-rapadóra seo as Chicago bog ar an gcluas ach tá brí agus ealaín ag baint lena rannta beo-intinneacha nach gcloistear minic a dhóthain sa R&B-hip hop comhaimseartha.
Má tá ceol leithéidí Erykah Badu, Outkast nó Lauren Hill i do bhailiúchán agat ní mór duit cluas a thabhairt don saothar speisialta seo.
The Calm Before – Matt Elliott (Ici d’ailleurs)
Ar nós an tsaoil seo féin, tá idir shólás agus bhuairt ag baint le folk-cheol dorcha Matt Elliott (Third Eye Foundation, Flying Saucer Attack).
Tugann na hamhráin ar 7ú halbam Elliott faoi théamaí móra, téamaí mar an díomá (‘I Only Wanted To Give You Everything’), an díomas (‘Wings and Crown’), bréagchrábhadh na n-eaglaisí Críostaí (‘The Feast of St Steven’) agus fealsúnacht Plato (‘The Allegory of The Cave’).
Ach tá blas milis cheol traidisiúnta na Meánmhara ar an gceol féin.
In amanna, mar sin, tá The Calm Before ar nós glacadh le suathaireacht chluaise ó cheol giotáir, pianó, cláirnéide, olldoird agus wurlitzer fad is atá leabhar fealsúnachta duairc-ach-fírinneach á léamh agat.
Under The Sun – Mark Pritchard (Warp)
Bhain Mark Pritchard cáil amach sna 90í as ceol suaimhneasach, séiseach teicneo agus druma is dord a chumadh mar Global Communications agus Chameleon i dteannta Tom Middleton.
Le Under Ther Sun bhí aidhm níos uaillmhianaí aige ná riachtanais an urláir a shásamh. Albam pearsanta é an ceann seo, saothar é a nochtann tréithe nua le hathéisteacht.
Tá feidhm chliste bainte ag Pritchard as píosaí uirlise Under The Sun chun béim a leagan ar na hamhráin ar a gcloistear aoi-amhránaithe mar Thom Yorke, Bibio agus Linda Perhacs.
Máistir i mbun a cheirde.
Untitled – SW (SUED Recordings)
Is é Stefan Wust, duine d’úinéirí cheirníní SUED na Gearmáine, atá freagrach as an albam seo de cheol gleoite leictreonach a eisíodh gan phoiblíocht i mí na Samhna i bhfoirm cheirnín amháin.
Turas eicléicteach é seo nach n-aimseofar ar Spotify mar sin, agus Wust ag nochtú a ghrá is a urraime do sheanraí éagsúla go deaslámhach thar an 11 rian.
Cloisfear ambient techno, ceol druma is dord, dub, snagcheol Laidineach agus acid house ag dul isteach ina chéile.
Tá ‘Untitled B1’ ar nós fuaim mhilis LTJ Bukem amhshamhlaithe ag duine de ghlúin nua léiritheoirí ambient na linne seo mar Mark Barrott.
Port tech-house tróipeacach é ‘Untitled B3’ a shamhlófá bheith cumtha ag Robert Hood Detroit do neacha intleachtacha amuigh sa spás.
We All Be Africans – Idris Ackamoor & The Pyramids (Strut)
Ní thagann ciall gan aois, is m’anam ach go bhfuil ciall le snagcheol cosmach Idris Ackamoor Mheiriceá, fear atá 65 bliain d’aois i mbliana.
Seo an chéad albam atá taifeadta ag The Pyramids le 40 bliain, agus is saothar iontach é.
Fuaim scaoilte agus cosmach gan a bheith ina phraiseach gan treo.
Téann línte liriciúla alto-sacs Ackamoor ag scinneadh thar shraitheanna de rithimí casta ar an gcailimbe agus cnagúirlisí láimhe ar an amhrán ‘We All Africans Now’ féin.
Malartaíonn ‘Epiphany’ amchomharthaí go cliste, tugann an ‘Rhapsody In Berlin’ bríomhar tús áite don bhfunc, agus tá caimeo máistriúil ag an amhránaí Bajka (a bhíonn le clos ar albaim Bonobo) ar ‘Silent Days’.
We Got It From Here… Thank You 4 Your Service – A Tribe Called Quest (Sony BMG)
Sárthaispeántas de cheird an rapálaí ó Q-Tip, Phife agus Jirobi, agus an triúr misniúil ag filleadh chugainn tar éis briseadh a mhair 18 bliain óna n-albam deireanach mar A Tribe Called Quest (cailleadh Phife siar i mí an Mhárta).
An greann agus an pholaitíocht fite fuaite lena chéile go glic, fileata thar cheol funcaí, comhaimseartha.
Buille scoir den scoth ó laochra ceol hip hop na 90í, le cabhair is caimeonna ó leithéidí Busta Rhymes, Kendrick Lamar, André 3000, Jack White agus, creid nó ná chreid, Elton John!
Wildflower – The Avalanches (XL)
Bhíomar ag feitheamh ar feadh 16 bliain ar Avalanches na hAstráile a ndara halbam a thaifeadadh, ach b’fhiú an mhoill.
Ar Wildflower tá ceol The Avalanches mar a chéile is a bhí riamh, ach níos fearr.
Seo albam lán de spioraid agus lúcháir na hóige, singilí iontacha (‘Subway’, ‘Frank Sinatra’), agus caimeonna ó uaisle an indie-cheoil (Father John Misty, Toro Y Moi, Jonathan Donahue as Mercury Rev) agus an hip hop (Biz Markie, MF Doom, Danny Brown).
Fuaimrian an tsamhraidh an taobh seo tíre!
Wisdom Of The Elders – Shabaka & The Ancestors (Brownswood)
Ar Wisdom Of The Elders aimsíonn an teanor-shacsafónaí Sasanach Shabaka Hutchings snáithe a nascann ceol calypso Cairibeach le ceol nguni na hAfraice Theas, stíl réaltach Sun Ra agus snagcheol New Orleans.
Taifeadta i Johannesburg i dteannta grúpa ceoltóirí ón Aifric Theas, is saothar domhain, spioradálta é atá lán de phucaí ré na cinedheighilte.
Ná caill Channel The Spirits (Leaf), albam a d’eisigh grúpa leictreonach Hutchings, The Comet Is Coming, níos luaithe sa bhliain ach an oiread.