Na 32 contae clúdaithe ag Kíla

Bhí sprioc mhór ag an bhanna chlúiteach Kíla nuair a thosaigh siad amach ar a n-aistear iontach ceoil 29 bliain ó shin.

Agus tá siad chun an sprioc uaillmhianach sin a bhaint amach ag deireadh na míosa seo.

Cad a bhí ann, a deir sibh?

Bhuel chuir baill an bhanna rompu ceolchoirm a dhéanamh i ngach ceann de 32 contae na hÉireann, ach bhí contae amháin ann a shleamhnaigh uathu i gcónaí.

“Bhí sé de rún againn, ó bunaíodh an grúpa siar in 1987, go mbeadh muid in ann a mhaíomh gur sheinn muid i ngach aon chontae sa tír,” arsa Rossa Ó Snodaigh ó Kíla.

“Rinne muid iarracht gigeanna a dhéanamh sna contaetha ar fad roimhe seo ach bhí contae amháin ann nár éirigh linn seinm ann go fóill… Contae Fhear Manach.

“Nuair a luaigh mé seo le hOifigeach Ealaíon Fhear Manach, Diane Henshaw, bhí iontas an domhain uirthi agus mhol sí dúinn teagmháil a dhéanamh le Féile Fermanagh Live Arts.

“Rinne muid amhlaidh agus chuir siad ar chlár na féile sinn go fonnmhar.”

Ciallaíonn sé seo go mbeidh Kíla ar ardán in Óstán Westville, Inis Ceithleann, Dé hAoine 30 Meán Fómhair agus, dá réir sin, beidh siad in ann a rá go bhfuil gach contae sa tír clúdaithe acu.

Is iomaí éacht atá déanta ag an ghrúpa cheannródaíoch thar na blianta agus anois is féidir leo an ceann deas seo a chur leis an liosta… gura fada buan iad!

Tá an t-eolas iomlán faoi ghig mhór Kíla i bhFear Manach, agus faoi gach imeacht eile san fhéile, le fáil ar flive.org.uk

SCÉALTA EILE