Tá blas bearránach na haithrise ina smál ar cheathrú albam Stephen Black (Sweet Baboo) na Breataine Bige.
Shamhlófá gur ag éisteacht le hamhránaí a chreideann go bhfuilimid ag maireachtaint i ndomhan cultúrtha atá iar-gach-aon-diail-rud atá tú.
Fear nach bhfuil d’uaillmhian ag baint lena aidhmeanna ach amhráin deartha go hómósach i stíl a laochra ceoil (Randy Newman, Scott Walker, Harry Nillson, Beach Boys) a chumadh.
Meascán d’indie-cheol deismir, ceol tíre agus rac-cheol léirithe le mórán cumais ach beagán samhlaíochta.
Is é an trua é, mar is liriceoir le tallann é Black nuair a bhacann sé iarracht a dhéanamh.
Tá greann glic le haimsiú ar amhráin mar ‘Are You Gentle’ agus ‘You Got Me Keeping Time’, cé go measfá ó chur i láthair Black gur mó an greann a bhaineann an t-amhránaí féin as a chuid liricí ná mar a bhainfidh éinne dá lucht éisteachta riamh.
Tá an blas éigneasta céanna ar an uallach amhrán rómánsúil a bhfuil le clos ar The Boombox Ballads (bhí a gcéad leanbh á iompar ag bean chéile Black agus an t-albam á thaifeadadh).
Ach ní hionann rómánsaíocht agus an rud atá do leannán ag iarraidh a chlos a insint dóibh: is gá go gcreidfeá féin ann chomh maith.
Tá blas na bréige freisin ar ‘Got To Hang Onto You’, iarracht Black amhrán faoi cheirníní rince Northern Soul a chumadh i stíl ‘The Boys Are Back In Town’ Thin Lizzy.
Fiú gan bacadh leis an bpreaseisiúint a tháinig le The Boombox Ballads a léamh, d’aithneofá gur ar Wikipedia a dhein Black a chuid taighde seachas fadó ar úrlar rince an Wigan Casino (Mecca lucht rince Northern Soul).
Chuir cur i gcéill The Boombox Ballads, ina iomaí crut, as dom.