Na Gaeil i mbun Lip Dub!


Tá an chéad lip dub fada as Gaeilge foilsithe inniu ag NÓS in éineacht le Coláiste Feirste, an mheánscoil Ghaeilge i mBéal Feirste.

Ghlac na céadta páirt sa togra ceoil seo ina bhfeictear daltaí agus foireann na scoile ag canadh go spraíúil le linn d’amhráin aitheanta de chuid na mbannaí Kíla agus Seo Linn bheith á gcasadh.

Is le maoiniú ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge a léiríodh an físeán agus tá sé i gceist ag NÓS cúig fhíseán speisialta eile a fhoilsiú sna seachtainí amach romhainn.

“Tá na céadta físeán ar líne anois de scoileanna ar fud an domhain ag déanamh lip dub,” arsa Gráinne Holland, léiritheoir an tionscnaimh.

“Shíl muid go mbeadh sé ar dóigh dá ndéanfadh Gaelscoil a lip dub féin agus bhí craic iontach againn ag cur an fhíseáin le chéile le Coláiste Feirste.

“Níl sé éasca togra mar seo a chomhordú ach d’éirigh thar barr leis na daltaí agus le foireann iomlán na scoile, a chuir obair mhór isteach chun gach gné den lip dub a thabhairt le chéile.”

Cúis bhróid é chomh maith gur iardhalta de chuid na scoile, Declan Ó Grianna, a d’oibrigh ar Game of Thrones mar aon le mórshraitheanna eile, a bhí mar fhear ceamara ar an lá taifeadta.

Tiomnaíodh an físeán d’iardhalta eile, agus múinteoir, Beicí Mhic Crabhagáin (Nic Riada), a cailleadh go brónach ní ba luaithe i mbliana i ndiaidh tinnis.

“Is léiriú é an lip dub seo ar an bheocht agus ar an mhianach atá le fáil i bpobal na Gaeilge fud fad na tíre agus tá súil againn a thuilleadh de sin a thabhairt chun scáileáin sa tréimhse amach romhainn,” arsa Gráinne.

I measc na bhfíseán eile a fhoilseoidh NÓS go luath tá físeán ceoil leis an ghrúpa IMLÉ, gearrscánnan agus damhsa tobshlua… coinnigh súil ar an spás seo!

SCÉALTA EILE