CEOL: Celtic Connections, Glaschú / 15 Eanáir – 1 Feabhra
Tá an fhéile mhór cheoil Celtic Connections ar siúl anois i nGlaschú go 1 Feabhra.
Beidh go leor de bhunadh na tíre seo páirteach ann – leithéidí The Lost Brothers, Luka Bloom agus Adrian Crowley – agus san oíche amárach beidh ócáid faoi leith ann dar teideal Gaels le Chéile.
Tiocfaidh Gaeil na hÉireann agus na hAlban le chéile ag 7.30in sa Centre for Contemporary Arts i bpríomhchathair an neamhspleáchais thall d’oíche mhór cheoil agus amhránaíochta ina dteanga dhúchais.
Páirteach beidh Gráinne Holland, Maeve Mackinnon, Dónal O’Connor, Ross Martin, Lorraine McCauley agus Noeleen Ní Cholla.
San oíche aréir seoladh Celtic Connections le ceolchoirm speisialta de shaothar deiridh Martyn Bennett, ceoltóir ceannródaíoch a bhásaigh go hóg deich mbliana ó shin.
In eagrán Iúil 2012 de NÓS, bhí albam spleodrach Martyn, Bothy Culture, a seoladh sa bhliain 1998, mar ‘Albam Clasaiceach’ na míosa againn. Léigh an léirmheas anseo.
Breis eolais faoi imeachtaí uile Celtic Connections ar celticconnections.com