Na Liopaí Lasracha

“Yeah there should be unicorns,” a chanann Wayne Coyne, príomhamhránaí The Flaming Lips.

Tá cóisir á pleanáil aige agus muid trí amhrán isteach san albam is déanaí seo Oczy Mlody leis na Liopaí Lasracha, “the ones with the purple eyes not the green eyes”.

Cad atá mícheart le haonbheannaigh na súl glas?

Fé mar a mhíníonn glór Reggie Watts, “whatever they give them, they shit everywhere”.

Fáilte go domhan fantaisíochta Wayne Coyne, fear a mheasfá a bheith ag ithe LSD go dícheallach de lá is d’oíche ar mhaithe a chuid éisteoirí le bliain anuas, más fianaise fuaim is liricí sícideileacha Oczy Mlody.

Tá amhrán anseo leis an teideal ‘One Night While Hunting for Faeries and Witches and Wizards To Kill’ – an gá a thuilleadh a rá?

Is gá, mar is saothar meallacach amach is amach é Oczy Mlody.

Tá fuaim an albaim níos giorra do mhilseacht Yoshimi Battles The Pink Robots ná albam deireanach the The Flaming Lips, The Terror (2013) a bhí iontach gruama, suaite.

Deir Coyne féin go raibh ceol prog-rock Syd Barrett (a bhunaigh Pink Floyd, is a fuair bás go hóg) agus hip hop teibí A$AP Rocky ina phríomh-inspioráid an albaim aige, is tá sé le clos.

Chuirfinn Kraftwerk leis sin, go háirithe i gcás an ‘There Should Be Unicorns’ gleoite.

“I saw the universe in your giant eye”, a chanann Coyne ar ‘Galaxy I Sink’, “I want to touch your mind hole and go inside.”

Raiméis?

Is é, ach fan go gcloisfidh tú an t-albam seo!

D’eisigh an grúpa Spacemen 3 albam dar teideal Taking Drugs To Make Music To Take Drugs To fadó.

D’fhéadfadh “Ag tógaint drugaí chun ceol a thaifeadadh don éisteoir ar mhaith leo mothú ar nós go bhfuil drugaí tógtha acu, ach nach bhfuil fonn dáiríre orthu drúgaí a thógaint” a bheith ina theideal eile ar Oczy Mlody.

Léim isteach!

SCÉALTA EILE