Más spéis leat pop tuathalach ní mór cluas a thabhairt don albam When I See You… Ice Cream!, an dara fadsaothar leis an chumadóir/léiritheoir Keith Mannion, aka Slow Place Like Home, as Béal Átha Seanaidh, Dún na nGall.
Is ann a aimseoidh tú ceann de shingilí Éireannacha na bliana, ‘Echoes’, port a taifeadadh i dteannta iar-amhránaí an ghrúpa ailtéarnaigh Whipping Boy, Fearghal McKee.
Rinne Mannion cur síos do NÓS ar na foinsí inspioráide is mó a chuaigh i bhfeidhm ar fhuaim agus ar chruth an albaim.
1. Frank Zappa – Cosmik Debris
D’fhéadfainn aon rian ón albam Apostraphe a roghnú, ach measaim go raibh tionchar ar leith ag struchtúr ‘Cosmik Debris’, agus an spás a chruthaíonn Zappa dá chumas ceoil scóipiúil, ar cheann amháin de na rianta ar m’albam nua.
Bhínn ag éisteacht le Apostraphe agus mo scíth á ligean agam le linn na tréimhse taifeadtha.
Ní rachainn níos faide ná seo síos boithrín áiféiseach an tseánra blues rock, áfach.
2. Etta James – I’d Rather Go Blind
Bhí an t-amhrán seo riamh ar cheann de na cinn is ansa liom.
Nuair is gá an ruaig a chur ar pé smaointí a bheadh i do cheann agat ar feadh cúpla nóiméad…
3. Jelly Roll Morton – Hesitation Blues
Tá seo ar an liosta, ní amháin dá ghlór ach do shimplíocht a chuid amhrán.
Chuir sé cuma éasca ar an gceol ba dheacra a sheinnt.
Níl ach bailiúchán snagcheoil réasúnta beag agam, ach is foinse inspioráide é an ceann seo dom le blianta beaga anuas.
4. Siouxsie & The Banshees – Spellbound
Tá Siouxsie Sioux go diail, agus is aoibhinn liom an rian seo.
Cad eile is féidir a rá – is bé dhrithleach í!
5. The The – Uncertain Smile
Bhí meas agam riamh ar cheol Matt Johnson, ach le cúpla bliain anuas táim ag baint níos mó agus níos mó sásaimh as a chuid saothar.
Ceirnín éachtach é Soul Mining don tréimhse inar taifeadadh é.
Tá teist na mblianta air, i mo thuairim.
6. The Zombies – She’s Not There
Measctar rithim agus séis an cheoil go hiontach saoithiúil anseo.
Tá gach crescendo agus maolú sa cheol galánta.
Tá rúinín beag den sícideilia measctha le liricí ciotacha an amhráin.
7. Mary Margaret O’Hara – Rain
Fiú gan caint ar an ualach gleacaíochta gutha atá le clos, is píosa fuaimdhreacha iontach é seo.
8. Willie Wright – Right On for the Darkness
An chéad uair ar chuala mé an leagan seo de sheoid Curtis Mayfield baineadh croitheadh as mo chromáin is bhí bior ar mo chluasa.
Go dtí an lá inniu, buaileann sé sa tslí cheánna mé.
9. Harmonia – Ahoi!
Rogha nach gcuirfeadh iontas ar éinne, b’fhéidir, ach nuair a chuala é seo den chéad uair d’athraigh mo bhuntuiscint ar chumadóireacht go hiomlán.
Tá áit bhuan i mo bhailiúchán ceoil ag na halbaim Musik Von Harmonia agus Cluster ’71 de chuid an ghrúpa Cluster.
10. Phyllis Dillon – Perfidia
Leagan iontach d’amhrán Alberto Dominguez.
Téann glór Phyllis Dillon ag guairdeall ar fud na háite – éifeacht nár éirigh liom a athchruthú ar mo cheirnín féin.
Fós, cloisim macalla de i mo mheabhar i gcónaí!
11. Japan – Ghosts
Bhí Japan gníomhach i bhfad roimh m’óige féin, ach chuireas aithne ar a saothair agus mé sna déaga.
Is ceol ar leith é saothar aonair David Sylvian, is tá an formhór de cheol Japan féin fíormhaith.
Tá ‘When I see You…Ice Cream!’ le fáil ar cheirníní Strange Brew Rekkids na Gaillimhe. Breis eolais ar slowplacelikehome.bandcamp.com