Na rianta ceoil is fearr a eisíodh le deireanas
75 rian curtha le seinnliosta NÓS

Tá 75 rian ceoil curtha le Seinnliosta NÓS ar Spotify ag ár gcomhfhreagraí ceoil Ben Ó Faoláin.

Tá ceol nua Gaelach ón amhránaí Ceara Conway as Conamara agus ó Pádraig Rhynne as Contae an Chláir, chomh maith le ceol nua ó Pauline Scanlon as Corca Dhuibhne, Junior Boy as Ciarraí, Just Mustard as Contae Lú agus Ye Vagabonds as Ceatharlach. Anuas air sin tá ceol ar an liosta ón ngrúpa And So I Watch You From Afar as Béal Feirste agus ón léiritheoir teicneoó Space Dimension Controller.

Tá ceol nua Ceilteach ann freisin – tá liricí Breatnaise ó bhéal Gruff Rhyss as Gwynned ar cheol an ghrúpa Imarhan as an Ailgéir, agus tá popcheol nua i gCoirnis ó Gwenno Saunders ar liosta na míosa seo. Tá blaiseadh de thogra ceoil nua Thom Yorke agus Johnny Greenwood as Radiohead, The Smoke, agus ceol nua reigé ó Horace Andy, Skari, Spy From Cairo, agus US Velvet athmheascaithe ag Pachyman ann.

Cloisfidh an té ar maith leis dordcheol agus hip-hap ramhar bríomhar ceol nua ó U-Ziq, Jack White & Q-Tip, Heavee, Denham Audio, Lavery, Coco Bryce, Tim Reaper, DJ Hand, Corporeal Face, &on&on, Yugen Blakrok, Al Wootton agus DJ Die.

Tá albaim úra eistithe ag Prins Thomas, Miss Kitten & The Hacker Big Thief, Beach House, Claude Cooper, Duncan Marquiss, Group Listening, Anadol, Carmen Villain, Eve Adams, Pneumatic Tubes, Yin Uin, agus Neil Landstrumm agus tá rianta nua ó na halbaim sin uilig ar liosta na míosa. Ar na ceoltóirí eile a bhfuil atheisiúint déanta ar sheanseoda dá gcuid tá Midlake, The Threshold Houseboys Choir, Hamid Al Shaeri, Pastor Champion, Suicide, Alabé KetuJazz, Zito Righi, Pebbles, Galaxy 2 Galaxy, Jivaro, Joyce, Los Calvos, Ambient
Warrior agus Boo Williams.

Tá ceol dioscó agus house, idir nua agus atheisithe, curtha amach ag Hidden Spheres, Man Power, Seb Wildblood, Perel, Bodhi, Ourra, agus Homegrown Syndrome le dhá mhí anuas agus tá siad sin le cloisteáil ar sheinnliosta NÓS, chomh maith le singlí nua ó Umwelt & Nite Fleit, Birds, Altin Gun, Kokoroko, The Bongo Hop, agus Soccer96.

Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!