Tá an t-amhránaí mórchlúiteach Gaeltachta Enya ag ceiliúradh a seascadú lá breithe inniu. Rugadh Eithne Ní Bhraonáin i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill ar an 17 Bealtaine 1961, agus ní raibh sí ach 18 mbliana d’aois nuair a thosaigh sí ag ceol le banna a muintire Clannad.
Chaith sí dhá bhliain leis an mbanna ceoil sular fhág sí le bheith ina ceoltóir aonair. Bhain sí cáil amach i réimse an cheoil nua-aoisigh agus is iomaí scannán agus clár teilifíse a d’úsáid a cuid ceoil i gcaitheamh na mblianta — leagan Peter Jackson de Lord of the Rings: The Fellowship of the Ring (2001) ina measc.
Is í an ceoltóir aonair is rathúla in Éirinn agus os cionn 75 milliún rian díolta aici ar fud an domhain – rud a fhágann go bhfuil sí ar dhuine de na ceoltóirí is rathúla ar domhan freisin.
Tá ceithre ghradam Grammy buaite aici, seacht ngradam World Music agus gradam Ivor Novello. Chomh maith leis sin ainmníodh an t-amhrán a chan sí ar Lord of the Rings: The Fellowship of the Ring do ghradam Oscar agus don Golden Globe.
Agus í ina cailín óg ba mhinic Enya ar stáitse Amharclann Ghaoth Dobhair in Ard na gCeapairí agus ghlacadh sí páirt go rialta i gcomórtais áitiúla agus náisiúnta ar nós na Feise Ceoil. Cheannaigh sí caisleán i gCill Iníon Léinín i mBaile Átha Cliath in 1997 agus thug an t-ainm Caisleán Manderly air. Is ann atá sí ina cónaí ó shin.
Aisteach go leor, cuimhneofar ar Enya go deo in annála na ndúile fionnuisce mar gheall ar an Leporinus enyae – “éiscín beag gleoite” ar tháinig eolaithe air in abhainn Orinoco i Meiriceá Theas. Bheartaigh siad ainm an amhránaí as Gaoth Dobhair, a d’eisigh an t-amhrán Orinoco Flow sa bhliain 1988, a thabhairt air.