Nascann ‘The Shan Van’ dhá chultúr le chéile tríd an fhrithbheartaíocht

I mí an Mhárta 2023, lasadh splanc in Iarthar Bhéal Feirste nuair a tháinig triúr amhránaithe le chéile. Jake Óg, Aidan, agus Colm. Iardhaltaí de chuid Choláiste Feirste iad Jake Óg agus Aidan, príomhamhránaí agus giotáraí an ghrúpa faoi seach ag an am seo, agus cara le Jake é Colm a sheinneann an dordghiotár.

Chaith an triúr tamall ag bualadh ceoil le chéile sular earcaíodh drumadóir an bhanna, Adam, agus an giotáraí Breandán, iardhalta eile de chuid Choláiste Feirste. Is leis an chúigear seo a d’eisigh The Shan Vans a gcéad singil ‘Inside’ in Aibreán 2023 le físeán ceoil. Saoirse a bhí faoi chaibidil ag an ghrúpaí ar ‘Inside’, ag déanamh tagairt don tsaoirse atá le fáil ionainn ar fad beag beann ar an chás chomh maith le leathnú na hintinne.

Dar leis an ghrúpa, tarraingíonn The Shan Vans ar rac-cheol agus ceol damhsa ó na 70idí, na 80idí agus na 90idí mar inspioráid. Luann siad The Clash, Joy Division, Rage Against the Machine, Nirvana, Arctic Monkeys, The Pogues, agus The Prodigy mar spreagadh ar an chinéal ceoil a chumann siad.

Tar éis dóibh ‘Inside’ a eisiúint agus roinnt gigeanna a dhéanamh i rith an tsamhraidh in 2023, tháinig an méarchláraí, Caolán, isteach sa ghrúpa. Deir The Shan Vans gur chuir seo ‘snas’ ar a bhfuaim agus gur tarraingíodh na píosaí ar fad le chéile. I nDeireadh Fómhair 2023, d’eisigh an banna a dhara singil, ‘This is Our Religion’.

Ó shin, tá The Shan Vans ag dul d’fhéilte samhraidh in Éirinn, imeachtaí dlúthpháirtíochta, agus agallaimh raidió ar stáisiúin éagsúla. Le linn na hoibre seo, bhí an grúpa ag obair ar thogra speisialta dlúthpháirtíocha ar son na Palaistíne. Níos mó ná bliain a mhair an feachtas ealaíne seo, agus tá toradh na hoibre sin beagnach linn.

Labhair The Shan Vans le NÓS faoin togra ealaíne, an físeán ceoil nua ‘The Shan Van’, agus cad atá beartaithe acu do 2025.

Grianghraf: The Shan Vans. (Ó chlé go deas) Adam, Caolán, Jake Óg, Breandán, Aidan, Colm. (Creidmheas: Gareth Doherty)

Conor Torbóid: Cad é mar a bhí aistear The Shan Vans le dhá bhliain anuas? Eisíodh bhur gcéad agus bhur ndara singil in 2023, cad atá déanta agaibh ó shin agus in 2024?

The Shan Vans: Eisíodh an chéad dá shingil in 2023 agus lean muid sin le mol mór gigeanna timpeall na tíre. Bhí deis againn spásanna a aimsiú ar chláracha le NPR, KEXP, BBC, RTÉ, TG4, ITV, agus podchraoltaí agus meáin eile idir náisiúinta agus domhanda. 

Bhí an banna mar pháirt de roinnt féilte ar nós Electric Picnic agus Féile an Phobail in 2023 mar thacaíocht don phríomhacht, agus mar phríomhacht in 2024. Bhí muid ar bís leis sin. Idir na gigeanna agus na féilte, d’oibrigh an grúpa ar thogra mór ealaíne a ghabhann le hamhrán speisialta a thugann chun solais an fhorghabháil agus cinedhíothú atá ag titim amach sa Phalaistín, áit ina bhfuil feachtas coilíneach beo ar bun ag Iosrael le beagnach 80 bliain, in Gaza agus sa Bhruach Thiar, sa tSiria agus in áiteanna eile. 

Bhí an banna ag iarraidh rud éigin fiúntach a dhéanamh, mar sin chaith muid an bhliain ag taifeadadh agus ag cur eagar ar an tsingil, ‘The Shan Van’. Bhainistigh an banna an togra ‘Unite Against Genocide’, feachtas a thug cuireadh do gach cinéal ealaíontóra ábhar a chruthú agus a chur i dtreo an fhíseáin cheoil dár ‘rac-aintiún díchoilínithe i ndlúthpháirtíocht leis an Phalaistín’ mar atá muid ag tabhairt air. Sa deireadh, tháinig breis agus 100 duine ó gach cearn den domhan ar bord. Anois, tá muid ag ullmhú d’eisiúint an tsingil agus an fhíseáin cheoil ar 7 Feabhra 2025.

CT: Cad é an gig is fearr a bhí agaibh le chéile go dtí seo?

TSV: An chéad cheann in 2023 b’fhéidir, mar ba ghig cinéal aisteach neamhghnáth é. Thug an chéad taibhiú ar Lá Fhéile Pádraig in Iarthar Bhéal Feirste deis dúinn ár bhfuaim a chluinstin beo os comhair slua den chéad uair, agus ba mhór againn go raibh muid i measc breis agus 350 fíníní as a meabhair ar phiontaí dubha agus gach cinéal rud eile. Ag ullmhú dúinn don ceolchoirm, tháinig muid le chéile den chéad uair mar bhanna agus d’fhoglaim muid 18 n-amhrán thar trí seachtaine. Mhair an cheolchoirm dhá uair go leith, agus críochnaíodh an oíche le leagan rac-cheoil dátheangach de ‘Sean South’, a bhí f*can ar dóigh ar fad.

Pictiúr: Ealaín chlúdaigh an tsingil úir, ‘The Shan Van’.

CT: Cén cur chuige a bhí agaibh le ‘The Shan Van’: ó chumadh an amhráin, ábhar na liricí, comhoibrithe?

TSV: Tháinig muid aníos le cnámha an amhráin i mí Iúil 2023 – ag an tús bhí rif amháin ag Breandán, agus mar is gnáth, bhí smaointe iomlán éagsúil ag baill an ghrúpa maidir le treo an choincheapa. Ach ar leibhéal bunúsach, bhí comhthuiscint ann go raibh muid ag nascadh fuaim an rac-cheoil fhorásaigh le teachtaireacht díchoilínithe.

Scríobh Jake Óg 12 véarsa a rinne tagairt do scéalta miotaseolaíochta na hÉireann, chomh maith leis an fhorghabháil agus an streachailt in Éirinn agus sa Phalaistín. Rinne Jake athchúrsáil ar an dán Gaeilge is ársa in Éirinn, ‘Amhrán Amergin’ (The Song of Amergin). Luann na véarsaí streachailtí díchoilínithe in Éirinn agus sa Phalaistín in aghaidh forsaí na Breataine agus Iosrael faoi seach. Pléann siad an cinedhíothu atá ar siúl ag Iosrael, an bhrúidiúlacht ar scála nach bhfacthas riamh dírithe ar iriseoirí agus ar shaoránaigh in Gaza, agus na mílte ban, fear agus páistí a dhúnmharaigh Iosrael gan trua gan taise gan fhreagracht le cosaint leanúnach náireach ó na Stáit Aontaithe, an tAontas Eorpach (Éire ina measc), an Ríocht Aontaithe, agus mol scannalach de thíortha eile. Chomh maith leis sin, pléitear tréimhse na coimhlinte in Iarthar Bhéal Feirste, na stailceanna ocrais, agus an phluid sna Blocanna H.

Maidir le forbairt an cheoil féin, thosaigh an t-amhrán amach le dhá chorda bhunúsacha agus de réir a chéile tháinig muid ar rithim a d’fheil dó. Tharla gach rud tar éis sin go nádúrtha. Bhí deoch nó dhó againn agus muid ag cleachtadh oíche amháin i mí Dheireadh Fómhair 2023, agus thosaigh an banna ag súgradh thart leis na heilimintí ar fad. Rinneadh taifead ar an chéad téic ar ghuthán póca agus tharla sé gur chríochnaigh muid le demo a bhí beagnach 10 mbomaite ar fad. Bhí muid an-sásta leis.

Chloígh muid leis an demo agus tháinig an smaoineadh chugainn togra ealaíne agus físeán ceoil a dhéanamh le feasacht a ardú ar an chinedhíothú, agus airgead a thiomsú do mhuintir Gaza. D’fhógair muid an cuireadh d’ealaíontóirí agus go luath tar éis sin, tháinig NPR i dteagmháil linn faoi agallamh a dhéanamh ar an obair dhlúthpháirtíochta. Sa deireadh, chríochnaigh an demo ar alt i mí Márta 2023 a rinne NPR agus a phléigh dlúthpháirtíocht idir Éirinn agus an Phalaistín.

CT: Cad é mar a bhí an próiseas leis an amhrán agus an físeán seo i gcomparáid le ‘Inside’ agus ‘This Is Our Religion’?

TSV: Bhain muid a lán suilt as próiseas ‘The Shan Van’ mar bhí luach ar leith bainteach leis as siocair an gá taobh thiar den togra. Bhain muid spraoi as an chéad dá fhíseán a dhéanamh toisc gur thaifead agus gur chuir muid na físeáin sin in eagar muid féin, ach le ‘The Shan Van’ d’oibrigh muid le foireann phroifisiúnta chun an caighdéan is airde a bhaint amach le linn an phróisis taifeadta. 

Tháinig Samia Khalaf Tossio, ealaíontóir Palaistíneach-Sasanach as Londain, ar bord mar bhainisteoir ealaíne agus chuidigh sí linn ord a chur ar an 100+ píosa ealaíne a bhí againn mar chuid den seit. Thaifead muid an físeán i mí Dheireadh Fómhair 2024, agus rinne Jake eagarthóireacht air ag tús 2025.

CT: Cad é mar a thug sibh Mikey Cullen isteach le haoivéarsa?

TSV: Buail muid le Mikey ag imeacht Dlúthpháitíocht i dTí Mhadáin i mBéal Feirste um Nollaig 2023. Thar chúpla pionta, phléigh muid an togra leis agus nuair a chuaigh an cuireadh amach go poiblí i mí Eanáir 2024, tháinig Mikey i dteagmháil linn ar Insta. D’aontaigh sé píosa filíocht ó bhéal a scríobh don amhrán, agus chomh luath agus a chuala muid an chéad leagan, bhí an cinneadh déanta againn go mbeadh sé ar an traic.

CT: Cad atá le teacht ó The Shan Vans i mbliana i ndiaidh ‘The Shan Van’?

TSV: Faoi láthair, tá muid ag obair ar roinnt amhrán don céad EP a bheith á éisiúint againn amach anseo. Tá muid ag obair ar amhrán callánach úr, spreagtha ag vaidhbeanna na Arctic Monkeys agus anam an réabhlóidí radacaigh, Nina Simone. 

Agus idir an dá linn, tá muid ar lorg conradh 100 milliúin punt ó Universal, Sony, nó Brits éigin fiú, chun sé albam choincheapúla agus 25 fhíseán ceoil a thaifeadadh roimh Nollaig 2025 — so má leaindeálann an scéal seo le NÓS ar na deasca cearta, tá sonraí s’againn thíos…


Eiseofar ‘The Shan Van’ le Mikey Cullen (@mikey___cullen) ar an 7 Feabhra 2025 ar YouTube, Spotify, Apple Music agus ardáin cheoil eile. Is féidir tuilleadh eolais a aimsiú ar leathanaigh mheáin shóisialta The Shan Vans (@theshanvans) agus thig earraí bolscaireachta a cheannach ag @gaa_palestine fosta.

SCÉALTA EILE