Tá achainí curtha ar bun ag an gceoltóir aitheanta Rossa Ó Snodaigh, a bhain a cháil amach leis an mbanna ceoil Kíla, ina n-iarrtar ar rialtas na hÉireann reachtaíocht a thabhairt isteach a chinnteodh gur i nGaeilge a bheadh céatadán áirithe de na hamhráin a chastar ar stáisiúin raidió an stáit.
Dúirt Rossa go bhfuil ‘neamhaird’ á déanamh ar amhráin i nGaeilge ag na stáisiúin mhóra agus gur gá reachtaíocht a thabhairt isteach le hiallach a chur orthu ardán a thabhairt do cheoltóirí a bhíonn ag scríobh i nGaeilge.
Is é Rossa a eagraíonn ‘An Puball Gaeilge’, an t-ardán Gaeilge a bhíonn ag Electric Picnic agus feilte eile, agus thug sé le fios ar leathanach a fheachtais gur léir dó, ón taithí a fuair sé sa bPuball Gaeilge, gur iomaí ceoltóir agus grúpa ceoil Gaeilge atá ann agus an iliomad stíleanna acu.
“Shílfeadh duine go bhfuil polasaí rúnda craoltóireachta aontaithe acu a deir nach seinnfear ach amhráin i mBéarla. Is gá go n-athródh sé seo le gur féidir cuidí leis an líon buíon, atá ag méadú in aghaidh na bliana, a chur chun cinn agus cuidiú leo a mbeatha a shaothrú as a bheith ag canadh ina dteanga féin. Cuideoidh sé go mór teanga atá i mbaol a thiontú ina teanga shlán,” a dúirt Rossa.
Tá os cionn 250 duine tar éis a n-ainm a chur leis an achainí cheana féin agus an sprioc 500 duine luaite ar an suíomh Change.org.
Luaigh Rossa an Fhrainc mar shampla de thír a bhfuil reachtaíocht i bhfeidhm ann a chuireann iallach ar stáisiúin raidió amhráin i dteanga faoi leith a chasadh. Tugadh reachtaíocht isteach in 1994 ó shin a chuir dualgas ar stáisiúin raidió na Fraince cuóta 40% d’amhráin Fhraincise a chasadh.
Athraíodh an dlí sin dhá bhliain ó shin, áfach, mar gheall ar bhrú ó na stáisiúin féin, a dúirt go raibh orthu ‘seanbhailéid leadránacha Fhraincise’ a chasadh lena ndualgas a chomhlíonadh. Tugadh an dlí isteach 20 bliain roimhe sin le cur in aghaidh an rabharta mór amhrán Béarla ó Shasana agus ó Mheiriceá a bhí le cloisteáil ar stáisiúin na tíre.
Ó shin, tá níos mó ceoltóirí Francacha, leithéidí Daft Punk, ag canadh i mBéarla agus thug ceannairí na stáisiún raidió le fios go raibh sé deacair amhráin nua Fhraincise a thaitin lena lucht éisteachta a aimsiú. Fuarthas i staidéar a rinne an Roinn Cultúir gurbh iad na deich n-amhrán céanna a bhí á gcasadh arís agus arís eile (74% de na amhráin ar fad) leis an gcuóta a chomhlíonadh.
Athraíodh an cuóta ó 40% go 35% dhá bhliain ó shin agus ní gá do stáisiúin atá dírithe ar cheol eachtrannach ach 15% dá n-amhrán a bheith i bhFraincis.
Fuarthas i staidéar a rinne an Dr John Walsh agus an Dr Rosemary Day, a foilsíodh níos luaithe i mbliana, níl ach “ról imeallach” ag an nGaeilge ar na stáisiúin raidió a chraolann i mBéarla den chuid is mó, cé go bhfuil dualgas reachtúil orthu cheana féin a bheith ag craoladh i nGaeilge.
Mhaígh an Dr Walsh agus an Dr Day go bhfuil na míreanna faoin nGaeilge sa reachtaíocht “lag agus neamhbheacht” agus nach leagtar síos “spriocanna cinnte ná céatadáin” maidir le Gaeilge.
Mhol údair an taighde “go dtreiseofaí” na míreanna faoin nGaeilge san Acht Craolacháin 2009 chun go bhféadfadh Údarás Craolacháin na hÉireann “polasaí Gaeilge níos réamhghníomhaí a fhorbairt i bpáirt leis na stáisiúin raidió”.
Anuraidh, dúirt an ceoltóir Richie Ó hEadhra, ón mbanna ceoil Rís go bhfuil “náireach” go gcaithfidh amhránaithe agus bannaí ceoil na Gaeilge “dul tríd an gcúldoras” le go mbeadh amhráin dá gcuid á gcasadh ar an stáisiún náisiúnta. Bhí Richie ag tagairt do chomórtas a reáchtáil NÓS i gcomhar le RTÉ 2Fm agus an clár Bláthnaid Libh, a chraoltar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cuireadh ‘Amhrán na Bliana’, gradam a bronnadh ag Gradaim Chumarsáide NÓS, ar sheinnliosta RTÉ 2FM ar feadh seachtaine mar dhuais.
Dúirt Richie Ó hEadhra go raibh sé “náireach go gcaithfear comórtas a reáchtáil le go mbeadh amhrán comhaimseartha Gaeilge á chasadh ar stáisiún náisiúnta” agus gur cheart an t-ardán sin a thabhairt d’amhráin mhaithe Éireannacha beag beann ar an teanga ina gcantar iad.
“Tréaslaím le NÓS agus le Tomaí Ó Conghaile [bunaitheoir na hirise] as an ardán agus an tacaíocht atá tugtha acu don cheol comhaimseartha Gaeilge le fada an lá ach tá ceisteanna le freagairt ag leithéidí RTÉ 2FM.
“Murach Nós ní ghabhfadh 2FM i ngiorracht scread asail do cheol Gaeilge. Cén fáth a gcaithfidh muid dul le leagan amach an chomórtais? Tá ceol comhaimseartha Gaeilge ar comhchéim le haon chuid den raiméis Bhéarla a chastar ar na stáisiúin sin,” a dúirt sé.
Dúirt Richie go bhfuil “dóthain ceol comhaimseartha ar ardchaighdeán” i nGaeilge chun go mbeadh stáisiúin náisiúnta sásta amhráin Ghaeilge a chasadh.