The Jesus & Mary Chain – Damage and Joy
Póg na beatha don rac-cheol ailtéarnach ba ea albam début The Jesus and Mary Chain, Psychocandy, nuair a eisÃodh siar in 1985 é.
Le hamhráin mar ‘Never Understand’ agus ‘Just Like Honey’ d’éirigh leis na deartháireacha Reid as Glaschú na hAlban fuaim a chruthú nár smaoinigh éinne eile tabhairt faoi rompu: popcheol suáilceach i stÃl na Beach Boys, nó fiú girl-pop na Ronettes, casta le brúidiúlacht shonach The Velvet Underground.
Amhráin searbh-ach-milis lán d’fhuath don saol mór agus ionsaithe riastartha giotáir tiomáinte ag drumadóireacht bhuntúsúil Bobby Gillespie (a bhain cáil amach nÃos déanaà mar amhránaà Primal Scream).
Ag an am mhol na criticeoirà don ngrúpa scaradh – mheasadar ná bhféadfadh JAMC foirfeacht Psychocandy a shárú.
Bhà dul amú orthu.
Le Darklands (1987) léirigh JAMC go rabhadar go maith ábalta amhráin ghrá a chumadh a bhà láidir a dhóthain le go bhféadfaà iad a chasadh ar ghiotáir acústacha.
Léirithe le snas ag an dordadóir Youth (Killing Joke), tá Damage and Joy ar an gcéad albam leis an Mary Chain le 19 mbliana.
Fuaim mheasartha ghlan dhinimiciúil atá le clos don gcuid is mó, le macallaà láidre d’albaim mar Automatic (1989) agus Honey’s Dead (1991).
Mar a bhà riamh fÃor i gcás albam an Mary Chain tá neart singilà maithe le clos.
Tá an dÃséad ‘The Two of Us’, i dteannta Sky Ferreira, ar an gceann is fearr acu, leis an gcurfá rómánsúil “The two us are gettin’ high / We don’t need drugs, cos we know how to fly”.
Mar a bhà riamh fÃor, freisin, i gcás ceoil JAMC tá Damage and Joy lofa le cliché-anna rock ‘n’ roll.
Bheadh rud éigin amú mura raibh; nÃl aon duine ag iarraidh ar an Mary Chain athrú.
Maireann na deartháireacha Reid i ndomhan rock ‘n’roll dá gcuid samhlaÃochta féin i gcónaÃ.
Domhan ina gcaitheann gach duine spéaclaà dubha Ray-Ban, agus ina gcanann rac-amhránaithe le blas Meiriceánach, is cuma cad as dóibh.
Domhan ina mbraitheann giúmar an duine nÃos mó ar an aimsir agus pé druga a bhfuil mÃ-úsáid á baint acu as seachas ar rátaà úis na mbanc ná polasaà eachtrach amadán an Tà Bháin.
Má tá fonn ort éalú isteach sa domhan úd nÃl amhráin mar ‘Always Sad’, ‘Facing Up To The Facts (“I hate my brother and he hates me / That’s the way it’s supposed to be”) agus ‘Get On Home’ (“I spent the night with a blow-up doll and some LSD) le sárú mar fhuaimrian.
Nà mór neamhaird a dhéanamh de cheathrú dheireanach an albaim, áfach.
Tá lag-chaighdeán na scrÃbhneoireachta scanrúil (ar ‘Can’t Stop The Rock’, go háirithe).
Is cuma, ar shlà – ba leor riamh 45 nóiméad mar fhaid ar albaim de chuid The Jesus And Mary Chain.