Iontas na n-iontas, ceirnín úr nua eile ón Cheanadach Neil Young, in áit, ar ndóigh, a chuid “archives” atá geallta le cúpla bliain anuas.
Fork in the Road atá air, deich de rianta ina bhfuil muid ag bualadh an bhóthair arís ar thuras eile timpeall na Stát Aontaithe lenár sean-Uncail Neil.
Beagán den chúlra ar dtús báire, muna miste libh.
Tá Young gafa go mór lena chuid gluaisteán, mar is eol dúinn (caith súil tapaigh ar leagan amach a shuímh idirlín, má tá cruthúnas uait) agus tá sé ag obair anois le tamall ag athrú a 1959 Lincoln Continental, ionas go mbeidh sé in ann rith ar fhuinneamh malartach amháin.
LincVolt a thugann sé air, agus déanfar clár faisnéise as an chéad turas a dhéanfaidh sé leis, go dtí Washington D.C., chun caint leis na boic mhóra ansin.
Sin scéal an albaim, agus is é an sprioc atá taobh thiar de ná spreagadh a thabhairt don chéad ghlúin eile chun rud éigin mar seo a dhéanamh, ar mhaithe leis an dtimpeallacht.
Cuireann Young deich n-amhrán inár láthair, rac-rianta don chuid is mó, le fuaim atá callánach agus beagán salach uaireanta (an sórt stuif a chuirfeadh a shean-cheirnín Tonight’s The Tonight i gcuimhne duit).
Shamhlófá nár cuireadh an iomarca ama isteach san albam, agus is dóigh gur chum agus gur thaifead sé gach amhrán go tapaigh leis an mbanna atá ar chamchuairt leis faoi láthair.
Ó thaobh na liricí de, tá siad an-díreach, lom agus simplí go leor – úsáideann sé gach rian chun trácht a dhéanamh ar chúrsaí na tíre, agus an domhain araon.
Déanann sé nasc soiléir idir na deacrachtaí a thugann sé faoi deara agus an gá modhanna nua níos glaine a chruthú.
Is léir go bhfuil seisean den tuairim go bhfuil sé thar am rud a dhéanamh faoin ábhar seo, agus is é sin an dúshlán a chuireann sé romhainn. Tá sé sách soiléir ón tús gurb í an teachtaireacht an ní is tábhachtaí an babhta seo, agus tagann an ceol isteach sa dara háit.
Tá an giotár leictreach amuigh aige ar gach rian seachas ceann amháin, ag tosú le When Worlds Collide agus Fuel Line, agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an rian aithnidiúil Just Singing a Song, ceann atá á chasadh go beo aige le tamall.
Cloistear téama an albaim go soiléir i gcurfá an amhráin seo (“Just singing this song won’t change the world”), an sean-idéalaí féin ag admháil nach leor an ceol amháin chun cúrsaí an tsaoil a fheabhsú.
Tá na smaointí agus an dúil cheart ag an chuid is mó againn, ach ní leor é seo. Caithfimid rud a dhéanamh leo. Beart de réir briathar. Ach tá dearcadh dearfach agus dóchasach ag baint leis fós, agus Young ag léiriú go bhfuil muinín aige asainn go léir, é féin san áireamh.
San amhrán Johnny Magic, cloisimid rac-cheol díreach agus dearfach arís, le Young ag canadh faoin LincVolt agus a thuras go príomhchathair na tíre. Tá nimh ina chuid focal anois is arís gan dabht, agus é ag tabhairt íde béil do na polaiteoirí faoin phraiseach atá déanta acu de chúrsaí airgid an domhain.
Fanann an géarchéim eacnamaíochta mar chúlra tríd an cheirnín ar fad. Cé go bhfuil fearg air, is léir go bhfuil Young sách sásta dul i ngleic le fadhbanna an domhain, agus go bhfuil sé ag baint suilt nach beag as a chuid iarrachtaí féin.
Ar Cough Up the Bucks, amhrán leictreach eile, canann Young focail an teidil arís agus arís, sula dtosaíonn sé ag ceistiú “Where did all the money go?” Trácht shóisialta atá ann arís, ar rud atá fós ina ábhar imní do chách.
Amhrán níos moille agus ciúine é Off the Road, le curfá álainn ina mbaintear úsáid dheas as armóiní.
Ceann séimh atá ann, ina dtugtar sos dúinn ó thromchúis an ábhair, agus is féidir sult a bhaint as na híomhánna a chuireann sé i láthair sna liricí.
Buailtear an bóthar arís le Hit the Road, ceann eile ina bpléann sé an gá le fuinneamh ceart a úsáid.
Piocann Young suas an giotár fuaimiúil don chéad uair ar Light a Candle, bailéad ciúin i stíl seanaimseartha Young, le blas an cheoil tuaithe.
Seasann an ceann seo ar an leibhéal céanna le haon cheann de na sean-amhráin atá aige sa stíl seo, mar shampla rudaí ar Harvest Moon nó Harvest. Tá dearfacht sna focail arís, agus é ag rá nár leor dúinn a bheith ag gearán faoi rudaí, ach caithfimid rud dearfach a dhéanamh.
Críochnaíonn sé le Fork in the Road, rac-amhrán eile ina bhfilleann Young ar an ionsaí ar dhrochrudaí an lae – an géarchéim airgeadais (“There’s a bailout coming but it’s not for me”), na baincéirí agus an cogadh.
Tá réalachas le cloisteáil arís (“I got hope, but you can’t eat hope”), teachtaireacht a thosaigh thiar ar Just Singing a Song.
Ar an iomlán, is iomaí rud atá bainte amach ag Young thar na blianta, ach is léir nach bhfuil sé den bharúil go bhfuil rud ar bith le cruthú aige. Má tá locht le fáil ann, mar thoradh, níl an ceol ró-chasta nó ró-trialach ar chor ar bith. Tá sé simplí agus taitneamhach, ach beagán leadránach.
Faigheann an teachtaireacht an ceann is fearr ar an gceol, gan dabht, ach tuigtear dúinn nach bhfuil ar an gceol amháin atá intinn Young dírithe.
Seans maith nach rachaidh Fork in the Road go mór i gcion ar na gcriticí. An dóigh leat go mbeidh sé buartha faoi?