Tá blag dar teideal ‘Reasons To Be Cheerful’ ag David Byrne, agus is ann a nochtann iar-amhránaí Talking Heads a thuairimí faoi scéalta dearfacha, dar leis, i réimsí éagsúla, idir chultúr, eacnamaíocht, oideachas agus eile. Más ag lorg cúis sonais atáir, a léitheoir, ní mór duit aghaidh a thabhairt ar an mblag úd mar ní aimseoidh tú ar American Utopia í.
Ní hin le rá gur saothar diúltach é American Utopia, an chéad albam aonair atá eisithe ag Byrne le 14 bliain. Iarracht dháiríre, dearfach fiú, iad roinnt de na hamhráin seo chun ciall a bhaint as staid scoilte Mheiriceá an lae inniu.
An fhadhb ná caighdeán na n-amhrán féin. Teipeann ar Byrne mar liriceoir, mar chumadóir agus mar amhránaí i nach mór gach cás.
Mothaím saghas ciontach á rá seo, ach ní deirim é go háiféiseach. Bhíos faoi gheasa ar fad ag Stop Making Sense le Talking Heads agus mé i mo gharsúin. Nuair a thógas an chéad chéim mar DJ sna clubanna rince bhí diosca de chuid Byrne i mo mhála ceirníní agam. Mar chraoltóir raidió bhí súil agam i gcónaí roimh an gcéad seoid eile, idir rianta Afracacha agus Brasaíleacha, a nochtadh lipéad ceoil Byrne, Luaka Bop.
Cad a d’imigh ar Byrne an babhta seo, mar sin?
Seans go bhfuil leid ann san amhrán ‘Everybody’s Coming To My House’, port atá eisceachtúil sa mhéid is gur amhrán cuibhseach maith é, bíodh is go bhfuil lorg ‘Daft Punk Is Playing At My House’ le LCD Soundsystem le sonrú.
Ba ina thigh féin, den chuid is mó, a dhein Byrne taifeadadh ar American Utopia. Bhí scata comrádaithe ceoil páirteach ann, leithéid Thomas Bartlett (The Gloaming, St. Vincent), Brian Eno, Sampha, Daniel Lopatin (aka Oneohtrix Point Never), Jam City agus Jack Peñate, ach ní mór cuimhneamh ar thuairim iar-dhordghiotáraí Talking Heads, Tanya Weymouth, go bhfuil Byrne “ar nós Stalin” sa stiúideo sa mhéid is gur nós dó rudaí a choimeád go hiomlán faoina smacht féin.
An é ná raibh sé de mhisneach ag comhcheoltóirí Byrne léirmheastóireacht chabhrach a dhéanamh air ina thigh féin? Ar fhan siad ina dtost nuair a lig Byrne línte raiméiseacha as a bhéal — “in another dimension, like the clothes that you wear / A mighty mighty battle, sprouting illegal hair” (‘I Dance Like This’) — agus é ag canadh as tiúin, ní mór a rá, thar phianó Bartlett?
Bhí sé riamh de nós ag Byrne, mar liriceoir, cliché-anna a phiocadh ón spéir agus iad a chur le hais a chéile i slí aisteach ach fíormhealltach. Ar chuma éigin, nuair a chanann sé faoi ghnóthaí an tsaoil seo ar American Utopia níl aon draíocht ag baint leis.
‘The chicken imagines a heaven full of roosters and plenty of corn / And God is a very old rooster, and eggs are like Jesus his son’, a chanann sé ar ‘Every Day Is A Miracle’. Go hainnis? Tá, ach tá níos measa le clos ar American Utopia.
Tá ‘Here’ ar nós cúrsa in anatamaíocht na hinchinne do naíonáin, agus Byrne ag canadh línte ‘here is a region that is seldom used / here is a region that continues living when the rest is removed’ go srónach, leamh.
Ní haon chabhair í, ach an oiread, an éagsúlacht léiritheoirí stiúideo a bhí i mbun na gcnaipí le linn sheisiúin American Utopia. Ní hamháin nár éirigh le Eno, Lapotin ná Rodaidh McDonald (The XX, King Krule) sailéad sicín a dhéanamh de chac sicín an babhta seo, níl leanúnachas aeistéitiúil ag baint leis an saothar ó thaobh na fuaime de ach an oiread.
Tá easpa tunes, easpa inspioráide agus, thar aon rud eile, easpa measa ar an éisteoir i gceist le American Utopia.
Ná bí ag caint liom faoi chúiseanna dóchais, a Dháithí, níl aon albam a eisíodh i mbliana chomh mór ina chúis díomá dom is atá American Utopia.