Níl aon rud amú ar albam Kode9

Bhí an fhírinne á hinsint ag Kode9 (Steve Goodman) nuair a chaith sé t-léine leis an ráiteas “I Do Give A Fuck” clóite air agus é ag casadh seit dioscmharcaíochta footwork ar Boiler Room TV anuraidh i gcuimhne ar DJ Rashad nach maireann.

Tá Kode9 ina chann taca don dordcheol leictreonach le fada an lá.

Tá cáil go príomha air as ceol Burial a chur os comhair an tsaoil agus a hata A&R á chaitheamh aige mar úinéir an lipéid Hyperdub, ach i slí amháin nó slí eile tá Kode9 tar éis bheith páirteach i ngach forbairt sa dordcheol ó 2004 ar aghaidh – idir UK funky, grime agus footwork.

Thapaigh sé borradh na stíle dubchéime lena luath-eisiúintí i dteannta an dub-file The Spaceape (éist le ‘Sine of the Dub’, leagan íosta doird na beirte de ‘Sign o’ the Times’ le Prince).

An chéad albam aonair le Kode9 é Nothing (cailleadh The Spaceape anuraidh), saothar ina gcloisimid é ag tabhairt go díograiseach faoin gcónascadh faobhrach sin d’eilimintí an luath-cheoil dubchéime, grime agus fuaim footstep Chigaco a chualamar ar dtús ar a shingil nuálach ‘Xingfu Lu’ (2013).

Ba ghné thabhachtadh riamh de cheol Kode9 é blas an cheoil Oirthearaigh, fuaim a bhfuil le clos i gclingireacht ‘Wu Wei’, agus san athchuairt mharfach footwork a thugann sé, i bhfoirm ‘9 Drones’, ar a phort síorghlas dub-chéime ‘9 Samurai’.

Tá rud éigin i gceol Kode9 ag aistriú i gconaí is tú ag éisteacht le Nothing – pátrúin na ndrumaí ag malartú de shíor, dath séiseach an cheoil ag athrú ar nós dath na farraige lá scamallach, gaofar.

Tá dord ‘Vacuum Packed’ agus ‘Mirage’ chomh trom le trucail, ach is go tíosach cruinn a bhaineann Goodman feidhm as an dord céanna.

Doirteann séiseanna súilíneacha ‘Mirage’ as na callairí ar nós easa criostail.

Lascann buillí 808 giotaí beaga sampláilte de ghlór mná Seapáiní go dinimiciúil ó thaobh amháin den réimse fuaime go dtí an taobh eile ar ‘Holo’.

Seo ceol glan, tomhaiste nach gcuireann céim amú.

Éist le Nothing trí nó ceithre bhabhta is beidh beirthe ag Kode9 ort.


SCÉALTA EILE