‘Níl duais Bhríd Ní Mhaoilchiaráin i mbaol ó Bhob Dylan ar aon chuma…’

Creid é nó ná creid ach tá mé á scríobh seo caol díreach isteach i mbolg ríomhphoist ar mo fón agus mé suite ar bhus ag a haon déag a chlog san oíche.

Is é an fáth a raibh fíbín orm tosaí ag scríobh ag an tráth seo den oíche ná gceapann mé go bhfuil teanga nua foghlamtha agam:

Bob Dyl-is.

Bhí mé thuas san ardchathair tráthnóna Dé Luain ag ceolchoirm de chuid Bhob Dylan. (Ó Chill Airne go Baile Átha Cliath, ní stopann mé!). Nuair a tháinig muid isteach ar dtús agus Bob ag cur dó isteach sa maidhc, ní raibh le cloisteáil uaidh ach “bobadaboo ehhhh doodabadee”. Ní raibh a fhios agam ar ag iarraidh a bheith ag gabháil fhoinn a bhí sé nó ag portaireacht béil. Is cosúil, dar le mo chol ceathrar, go raibh siad sin ceaptha a bheith ina bhfocla.

Déarfaidh mé rud amháin: más fíor go bhfuil soiléireacht ar cheann de na rudaí is tábhachtaí san amhránaíocht, níl duais Bhríd Ní Mhaoilchiaráin i mbaol ó Bhob Dylan ar aon chuma.

Mar sin ar feadh an chéad chúpla amhrán, agus gan mé ag fáil sásamh ar bith ar na focla a chum an té a mhaítear gurb é duine de na cumadóirí is fearr den aois seo, seachas a bheith ag iarraidh a bheith ag déanamh Turing machine de m’inchinn, dhírigh mé aird ar na ceoltóirí.

Bhuel bhí siad thar barr. An fhad agus a bhí Bob féin ag réabadh ar phianó go breá cumasach bhí beirt ag malartú idir giotáir leictreacha agus ceanna acústacha, bhí fidiléara a chaith scaimhtí ag tarraingt ar shreanga an (dar le focloir.ie) ghiotáir chruaigh throitheánaigh (pedal steel dóibh siúd nach raibh a fhios), bhí fear ann a chas an dordghiotáir leictrigh agus an olldord agus bhí drumadóir den chéad scoth acu.

Chaith mé tréimhsí na cantana dothuigthe ag díriú ar uirlis amháin ag an am agus mé ag iarraidh feiceáil an mbeinn in ann an fhuaim a phiocadh amach as an iomlán.

Bhí ag éirí go geal liom, ansin, go tobann, thuig mé líne iomlán a bhí ráite ag Bob! Agus thuig mé an líne ina dhiaidh sin, agus ina dhiaidh sin, agus ansin níor thuig mé an líne ina dhiaidh sin, ach thuig mé an ceann i ndiaidh an chinn nach raibh tuigthe agam. 

Faoi dheireadh na hoíche déarfainn go raibh mé ag tuiscint thart ar 70% den mhéid a bhí sé a rá. Bheadh foghlaimeoir teanga ar bith sásta leis an gcineál sin dul chun cinn taobh istigh de dhá uair an chloig.

Ní thuigim cén chaoi a gceapann sé a bhfuil duine ar bith ceaptha sásamh ná brí a bhaint as a chuid filíochta nuair nach ndeireann sé go soiléir iad agus chuile chúpla líne ráite rófhada ón maidhc.

Ach d’ainneoin sin uilig bhain mé an-sult as an oíche agus, bail ó Dhia agus ó Mhuire air, d’fhear atá bliain le cois an cheithre scór d’aois, tá glór breá láidir aige fós.

Cá bhfios, má choinníonn sé air ag cleachtadh a chuid foghraíochta, nach ndéanfaidh sé sár-amhránaí lá breá éicint.

Anois tá sé in am agamsa mo chóta a tharraingt orm mar phluid, mo chloigeann a chur le fuinneog an bhus agus néal beag codlata a fháil mar caithfidh tiomáint amach as Gaillimh ag a dó a chlog ar maidin nuair a thiocfaidh an bus go ceann scríbe.

SCÉALTA EILE