Cad é seo, go díreach?
Meascán uimhir 149 sa tsraith Dj-Kicks, curtha le chéile ag draoi ceanndána an cheoil leictreonaigh, úinéir cheirníní Werkdiscs agus iar-imreoir le club sacair West-Brom, Actress (Darren Cunningham).
An bhfuil aon mhaith ann?
Léiritheoir é Actress a raibh earráid riamh ann.
Is minic ceol an fhir ina dhríodar fuaime dúshlánach, ach chuireadh sé draíocht ort chomh minic céanna leis na mothúcháin a mhúsclódh a smúiteáin dhorcha dhigiteacha ionat.
Ní bheidh iontas ar éinne dá lucht leanúna, mar sin, go bhfuil beartaithe ag Cunningham gnáth-cleachtais an dj-mheascáin a chaitheamh i dtraipísí i gcás DJ-Kicks.
“Ní ar an gceol amháin a bhím ag smaoineamh is mé ag roghnú ceirníní”, arsa Cunningham mar mhíniú.
“Bím ag smaoineamh ar ainmneacha na léiritheoirí agus ar theidil na bport agus na lipéid.”
Sea, ní haon aistear ceoil síodúil é seo.
Deir Cunningham go bhfuil iarracht déanta aige bearnaí a fhágaint idir rianta.
“Ligint dos na poirt labhairt dóibh féin,” ina fhocail fhéin.
Is d’aon ghnó é fresin, deir sé, go bhfuil Dj-Kicks meascaithe go salach, clabach, tapaidh, leis na BPM-anna fud fad na háite.
Nó an é nár bhac sé a thóin meascán le brí éigin ann don éisteoir a chur le chéile?
An ionann meascán coincheapúil agus port leis an léiritheoir Snakepiss a mheascadh isteach i rian de chuid Shit and Shine?
Ní hé nach bhfuil ceol maith anseo.
Féach ar an gclúdach is cífidh tú seoda de cheol techno agus house ó leithéidí Autechre, Larry Heard (ag taifeadadh siar in ’88 mar Jerkin Gherkins), Reel By Real, Underground Resistance, Chez Damier agus Ron Trent luaite taobh le dord-techno breá úr an Beneath iontach agus Zennor, chomh maith le electro-boogie sultmhar Moon B.
Shamhlófá go raibh Actress tar éis cúig cheirnín a thógaint anuas den tseilf gan aird, iad a mheascadh le chéile gan mórán machnaimh a dhéanamh air, bailiú leis chun cúpla dúidín a chaitheamh agus filleadh chun an rud céanna a dhéanamh le dorn-cheirníní ar luas difriúil roghnaithe ó sheilf éile.
N’fheadar an amhlaidh a bhí aige, ach sin cad a deir mo chluasa liom.
Tá corr-ghluaiseacht chiallmhar le clos – agus is deas mar a mheasc sé ‘Pear’ le GNESIS go ‘LDWGWTT’ de chuid Shxcxchxshag – ach ní leor é.
Laigí?
Um, n’fheadar an dj-mheascán é seo!
An breithiúnas?
Manglam mearaí nó sár-obair choinceapúil?
Deir mo chluasa liom nach bhfuil aon éadaí ar an impire.