Níl pingin rua ag 50 Cent
'Cabhraigh' leis bheith saibhir arís!

Tá fadhbanna airgeadais ag an rapaire cáiliúil 50 Cent, is cosúil, agus é sna cúirteanna an tseachtain seo i ndiaidh dó titim i bhféimheacht.

In ainneoin na bhfíseán ceoil ina mbíonn sé le feiceáil go minic ag caitheamh beart airgid timpeall na háite agus ag tiomáint roinnt de na gluaisteáin is deise (agus is costasaí) ar domhan, tá an fear bocht ag maíomh go bhfuil an t-airgead ar fad caite aige.

Deirtear gur dócha nach fíor sin ar chor ar bith ar ndóigh agus go bhfuil an t-airgead ar fad faoi cheilt aige – ach níor mhaith le dlíodóirí NÓS go rachainn níos faide ná sin.

Ina áit sin, tá bealach cruthaithe ag úsáideoir Tumblr a bheidh ina chuidiú do 50 Cent agus é ag iarraidh a chuid saibhris uilig a fháil ar ais arís!

‘Make 50 Cent Rich Again’ an t-ainm atá ar an leathanach, a bhaineann úsáid as Spotify chun an t-amhrán ‘Piggy Bank’ leis an fhear é féin a chasadh.

50cent

Daoibh siúd nach bhfuil ar an eolas, íocann Spotify $0.0011 do cheoltóirí gach uair a chastar amhrán dá gcuid ar an tseirbhís ar líne.

Go dtí seo, tá tacadóirí i ndiaidh an t-amhrán de chuid ‘Fitty’ a sheinm thart ar 39,000 uair – a chiallaíonn go bhfuil móriomlán de, eh… $43 déanta aige go dtí seo.

Go fóill féin, má tá tú ag mothú go flaithiúil is féidir do chuid féin a dhéanamh don leaid ‘bocht’, ach tá seans beag bídeach ann go mbeidh cúiseanna eile ar intinn agaibh…