Níos LCD ná LCD Soundsystem féin

Tuigtear ó bhlog James Murphy go bhfuil LCD Soundsytem ar ais sa stiúideo i mbun albam a thaifeadadh tar éis briseadh de chúig bliana.

Má tá mífhoighne ag teacht ort ag feitheamh le saothar nua LCD ní mór duit cluas a thabhairt don bhailiúchán seo, a bhfuil trí EP leis an seisréad Golden Teacher as Glaschú le cloisteáil ann, agus a d’eisigh na dioscmharcaigh J.D Wilkes agus Twitch ar a lipéad Optimo idir na blianta 2013-2014.

“Níos LCD ná LCD Soundsystem féin” a mheas mé ar éisteacht le fuaim fhuinniúil dioscóphunc leictreonach ‘Love Rocket’ den chéad uair.

Is cinnte go dtugann Golden Teacher ómós do na fuaimeanna iarphunc (Liquid Liquid, Arthur Russell, ESG) agus dioscó leictreonach a spreag James Murphy i mbun gnímh an chéad lá riamh, ach chun an ceart a thabhairt do Golden Teacher, tá níos mó ná gníomh adhartha i gceist le First 3 E.P.s.

Tá oidhreacht techno chathair Ghlaschú le sonrú i riffeanna creagacha sintéiseora ‘Roshomon’ agus ‘Love’.

Ar ‘Like A Hawk’, ceann de bhuaicphointí First 3 E.P.s, canann Cassie Ojay i mbéarlagair Iamácach thar mélange aoibhinn dorcha mall d’eilimintí afrobeat, dub agus acid-house.

Mheas mo bhean chéile gur leagan clúdaigh de phort éigin de chuid laoch an cheoil techno cheirbrigh, Carl Craig, déanta ag banna beo a bhí i gceist le ‘Golden Chalice’.

Bhí dul amú uirthi, ach ba mholadh ann féin an tuairim.

Níl chomhleanúnachas albaim cheart ag baint leis an bhailiúchán seo, ach tá a dhóthain in First 3 E.P.s le faobhar a chur ar ngoile.

Beifear ag súil go mór le fadcheirnín début ceart Golden Teacher a chloisteáil amach anseo.

Idir an dá linn, tá sé de rún agamsa Golden Teacher a fheiscint beo in 2016, agus ní bheidh aon iontas orm más mar ghrúpa tacaíochta beo LCD Soundsystem a aimsím iad.

SCÉALTA EILE