Do dhuine ar bith a bhí sa Point in 2003, nuair sheinn rí an cheoil David Bowie in Éirinn den uair dheireanach, cuimhneoidh sibh ar na focail “Tiocfaidh ár lá” a scread sé amach ag deireadh an amhráin ‘Rebel Rebel’ (féach físeán thuas).
Tá an ráiteas polaitiúil clúiteach le cluinstin chomh maith ar an albam A Reality Tour – a taifeadadh beo i mórionad ceoil na hardchathrach – agus ba mhór an t-aischothú a mheall na trí fhocal Gaeilge sin ón slua.
An giotáraí Duibhlinneach Gerry Leonard, a bhí mar stiúrthóir ceoil ag Bowie ar an turas, a mhol an frása dó.
“Bhí se ag iarraidh rud éigin a rá as Gaeilge,” a mhíníonn Gerry.
“Chuir muid in iúl dó go raibh sé beagáinín dána ach thaitin sé sin go mór leis, agus chuaigh an slua ar mire.”
Tháinig deireadh lena thréimhse ar an bhóthar i ndiaidh na camchuairte sin, cé gur lean sé leis ag cumadh ceoil go deireadh a shaoil; a tháinig inné, 10 Eanáir, in aois 69.
Díreach dhá lá ó shin a seoladh Blackstar, an 25ú albam stiúideo leis.
Ó 1987, nuair a sheinn Bowie a chéad ghig i mBaile Shláine, Co. na Mí, ba mhinic é ar ais in Éirinn ag seinm i mBÁC, agus i mBéal Feirste in 1995, nuair gur bheag ceoltóir mór le rá a bhí sásta seinm ar an taobh ó thuaidh den teorainn.
Inniu, tá slán á fhágáil ar fud an domhain mhóir le laoch ár linne, atá imithe ar shlí na fírinne tar éis dó 18 mí a chaitheamh ag troid in aghaidh ailse.
Níl amhras ach go mairfidh a cheol agus a oidhreacht go deo.