Nuair a labhair Dolores O’Riordan Gaeilge ar stáisiún teilifíse Ceanadach


Baineadh siar as domhan an cheoil inné nuair a fógraíodh go raibh an t-amhránaí iomráiteach Dolores O’Riordan tar éis bháis go tobann i Londain.

Ní raibh bean The Cranberries ach 46 bliain d’aois agus tá na péas i Sasana ag rá nach bhfuil aon rud amhrasach faoina bás.

Ba ag tús na 1990í a tháinig Dolores agus an banna i mbéal an phobail ar dtús leis na halbaim Everybody Else Is Doing It, So Why Can’t We? agus No Need to Argue agus lean cáil mhór idirnáisiúnta sna blianta ina dhiaidh.

Ba ar an scoil lán-Ghaeilge Cnoc na Labhras i gCathair Luimnigh a d’fhreastail Dolores ina hóige agus bhí teach saoire aici i gCorca Dhuibhne.

Meastar gur ag tagairt don cheantar atá sí san agallamh seo thuas le stáisiún teilifíse i gCeanada in 1996, an bhliain ar tógadh an teach i nDún Chaoin.

SCÉALTA EILE