Beidh beirt cheoltóirí as an Phalaistín ag teacht go hÉirinn le casadh ag ceolchoirm charthanachta in Áras Éanna Déardaoin an 14 Samhain. Seinnfidh na cumadóirí in éineacht le beirt cheoltóirí as Gaillimh ag 20:30 ar an oíche.
Is mar chuid de chomhoibriú idir Ealaíontóirí Éireannacha ar son na Palaistíne agus Áras Éanna, agus na Gaillimhigh Ruth Smith agus Fergal Scahill agus an bheirt Phalaistíneach Mohammed Kahla agus Abed Alqam, a reáchtáladh an cheolchoirm.
Il-ionstraimí agus múinteoir ceoil sciliúil é Fergal Scahill a tharring clú air féin de thairbhe a dheaslámhachta ar an fhidil agus de bharr Tune a Day, tionscadal faoinar thaifead sé níos mó ná 1,200 port ó 2017. Le breis agus 20 bliain caite aige i mbun ceoil, tá cuairt tugtha aige ar 30 tír agus tá cúig albam aonair eisithe aige i measc saothar eile le Freewheel, We Banjo 3 agus Ryan Molloy. Mhúin sé ceol i Luimneach, i bPort Láirge agus is gcampaí idirnáisiúnta i gCeanada, sna Stáit Aontaithe agus sa Fhrainc. Tá sé lena dhara halbam beirte le Ryan Molloy, The Gannet’s Drive, a eisiúint i ngeimhreadh 2024.
Is ealaíontóir ildisciplíneach, oideoir agus teiripeoir colainne í Ruth Smith. Ina saothar tá meascán ceoil, ealaín for-rochtana, ealaín filíochta, ceartas sóisialta agus cleachtas trámathreoraithe. Tá sí ag cleachtadh Elemental Dance, sraith amhrán coimisiúnaithe ag Scoil Cheoil Bhaile Átha an Rí agus a léireofar sa Cheoláras Náisiúnta i mí Feabhra 2025. Ghlac Ruth páirteanna roimhe seo in Once The Musical, RIOT le THISISPOPBABY agus Landmark Productions agus Tonic le Rough Magic agus Fionn Foley.
Chomhoibrigh sí le Fergal Scahill agus leis an cheoltóir Éireannach-Phalaistíneach Róisín el Cherif ar an traic thrítheangach ‘Siúil a Rúin’. Is léiritheoir ar an seó Simply Folk í agus tá duaiseanna bainte aici as a saothar mar láithreoir raidió. Tá sí i mbun staidéir faoi láthair ar Oiliúint Saoránach Domhanda um Chruthaitheacht & Athrú in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan.
Tá staidéar déanta ag Abed Alqam ar an cheol agus an amhránaíocht in Institiúid Cheoil Edward Said in Ramallah. Tá páirt glactha aige i roinnt féilte amhránaíochta áitiúla agus idirnáisiúnta. Déanann sé obair thábhachtach trí bhailiú agus léiriú amhrán sa Phalaistín agus i bhfad i gcéin.
Is ceoltóir agus cumadóir Palaistíneach é Mohammad Kahla. Is as an tsráidbhaile Ramom in aice le Ramallah dó. Chuaigh sé i mbun ceoil den chéad uair in 2013, thóg sé an úide ar chúrsaí áitiúla. In 2019 ghlach sé páirt sa chumann ceoil Alkamandjati agus rinne staidéar ar an teoiric ceoil a bhaineann leis an úide. Bhain sé amach an t-ochtú leibhéal in Alkamandjati agus bhain amach céim in 2021.
Oíche dhlúthpháirtíochta iontach a bheidh ann le ceol agus craic go mall. Beidh an cheolchoirm ar siúl ag 20:30 ar an 14 Samhain in Áras Éanna ar Inis Oírr. Is féidir ticéad a cheannach anseo.