Tá lúcháir orainn an chéad singil agus físeán ón albam úr le Rís Aon Seans ar Riot a sheoladh ar NÓS inniu.
‘Ohh La La’ is teideal don amhrán fuinniúil seo agus é ar an chéad rian ar albam nua Rís, a bheas á chur amach níos déanaí an bhliain seo.
Is amhrán é faoi tharraingt an ghrá agus faoin andúil a mhaireann i gcaidrimh agus i réimse eile den saol.
Le feiceáil san fhíseán, tá an Gael aitheanta as Gaoth Dobhair, Gavin Ó Fearraigh (Ros na Rún agus Woofáil) agus an t-aisteoir álainn Candace Pittman.
Faoi stiúir Jason Kropik, rinneadh an físeán a thaifeadadh ar ché Santa Monica Pier in LA, áit a bhfuil an bheirt aisteoirí lonnaithe faoi láthair.
“Tá vibe na 70í ar an amhrán agus cheap mé go bhfeilfeadh cúlra den chineál sin, leis na soilse agus an fharraige, an t-amhrán,” arsa Richie Ó hEadhra, príomhamhránaí Rís.
“Tá sé an-éagsúil leis na físeáin atá déanta againn roimhe, tá go leor beochana déanta againn ach tá muid an-bhuíoch de Gavin as obair linn ar an togra seo.”
Seo an ceathrú halbam stiúideo le racairí Rís, a thugann na deartháireacha Richie agus Breandán Ó hEadhra, PJ McDonagh agus Pat Ó Neill le chéile.
“Blaiseadh” den mhéid atá le teacht ar an albam nua atá san fhíseán, dar le Richie.
“Beidh deich gcinn d’amhráin nua ar an albam agus tá muid sásta go bhfuil forbairt ag teacht ar fhuaim an bhanna,” ar seisean.
Beidh Richie Ó hEadhra ar ais linn le labhairt linn faoin amhrán iontach seo d’Amhrán na hAoine an tseachtain seo!