Beidh an banna aitheanta ceoil Seo Linn ag reáchtáil oíche cheoil in ómós a gcarad Frank McEvilly, a bhásaigh go tobann níos luaithe an tseachtain seo. Bhí Frank ina theicneoir fuaime i gColáiste Lurgan, an áit ar tháinig Seo Linn le chéile den chéad uair os cionn deich mbliana ó shin agus an-tionchar aige ar cheol luath an bhanna.
D’fhógair Seo Linn ar na meáin shóisialta ar maidin go mbeadh “scéalta agus amhráin in ómós [a] ndlúthcharad” Frank á roinnt acu ar na hardáin éagsúla anocht ag 19.00.
“Beidh cineál ‘ceiliúradh’ ar siúl againn anocht ag cuimhneamh ar ár gcara mór Frank ar 19.00. Beidh sé ar siúl ar YouTube, Facebook, Instagram agus Twitter Seo Linn ag an am céanna. Beidh cairde Frank ag teacht isteach le cúpla scéal a inseacht faoi agus cúpla dan agus amhrán a rá freisin. Míle fáilte romhaibh a bheith linn agus an anáil a bhí ag Frank orainn ar fad a bhrath ó chairde leis,” a scríobh ar leathanach Instagram Seo Linn.
Bhí baill agus iarbhaill an bhanna ceoil trí chéile ar chloisteáil an drochscéala dóibh inné ag scríobh go leor acu teachtaireachtaí pearsanta in ómós an fhir “a mhúnlaigh ceol TG Lurgan” ar na meáin shóisialta. Ar dhuine acu sin bhí giotáraí agus príomhamhránaí an bhanna, Stiofán Ó Fearail.
“Bhí anáil Frank le brath ar nach mór chuile rud a taifeadadh [i gColáiste Lurgan]…agus bhí muid míle uair níos fearr as mar gheall air. An bealach fáiltithe a bhí ag Frank ná gáire mhór mhillteach a ligean amach cuma an cineál lae a bhí ann. Ba léiriú eisean ar spiorad na háite agus gach a bhí go maith faoi a bheith ag obair le TG Lurgan. Aireoidh mé uaim Frank ar mhórán bealaí – go ceolmhar, go gairmiúil.
“Aireoidh mé uaim na giotaí órga eolais a thugadh sé idir téiceanna. Aireoidh mé uaim a chuid mionchúiseachais. Aireoidh mé uaim an fuinneamh a thóg sé chuig chuile sheisiún taifeadta agus a thug sé do chuile dhalta a bhí faoina chúram. Thug sé am agus misneach dóibh agus dom féin. Níos mó ná tada eile, aireoidh mé uaim eisean. Díreach eisean a bheith thart – a láithreacht, a spiorad. Díreach eisean agus a gháire agus an buille croíúil lách ar an droim a thugadh sé duit gan chúis. Laethanta iontach a bhí iontu siúd,” a dúirt Stiofán.
Chuaigh bealach lách cineálta Frank i gcion ar na hamhránaithe agus an ceoltóirí óga a tháinig trí Choláiste Lurgan i gcaitheamh na mblianta agus bhí aithne mhaith shúl ag na scoláirí eile ar an teicneoir ard fuaime a bhíodh ar na cnaipí agus na hamhráin mhóra á dtaifeadadh.
Beidh imeachtaí na hoíche anocht ar siúl ón 19.00.