Thuill Zach Condon teasmholadh na léirmheastóirí siar in 2006 dá chónascadh drámata de cheol Balcánach agus ceol indie a bhí le clos ar albam début Beirut, Gulag Orkestar.
Níl aon amhras ach go raibh síog shaibhir inspioráide aimsithe ag Condon i gceol Oirthear na hEorpa, ach ní fada an dúch tirim ar leathanaigh na n-irisí ceoil go raibh na léirmheastóirí céanna ag fáil locht ar Condon as a bheith ag brath an iomarca ar an bhfuaim Bhalcánach.
Dúradh go raibh cumha ag Condon – Meiriceánach óg as Albuquerque – do ré agus cultúr nach raibh taithí phearsanta aige air, nach raibh a chuid liricí láidir a dhóthain nuair a scarfaí iad ón bhagáiste cultúrtha a bhain le fuaim Beirut, agus go raibh an fhuaim úd ró-chosúil le grúpa indie Meiriceánach eile, Neutral Milk Hotel, ar aon nós.
Freagra Condon?
Dhá albam bhreátha (The Flying Cup Club, The Rip Tide) a dhírigh níos mó ar cheol na Fraince agus an ceol barócach, is a dhearbhaigh go raibh Condon in ann comhthéacsanna sásúla eile a chrúthú dá ghlór mór, saibhir, síorópach.
Ach ag deireadh 2013 thit saol Condon as a chéile agus loic a shláinte.
Bhí tréimhse trí bliana caite aige ar camchuairt dhomhanda, agus bhí sé in ísle brí tar éis dó scaradh go gairgeach óna bhean chéile.
Nuair a d’fhill Condon ar an stiúideo, is é tar éis teacht ina neart arís, bhí a chumas cumadóireachta caillte aige.
Ba ghnách dó ceol a chumadh ar a aonar, ag tógáint rianta sraith ar shraith ar Pro-tools, ach ní raibh tús le ceol No No No go dtí gur bheartaigh Condon cuireadh a thabhairt dá chairde ceoil Paul Collins (dord) agus Nick Petree (drumaí) bheith páirteach sa phróiseas.
Is éard atá le clos ar No No No ná Condon ina chraiceann dearg.
Tá an pianó mar thúsphointe séiseach fhormhór na n-amhrán – níl aon dul i bhfolach taobh thair de stráicí móra d’úirlisí práis i gceist (cé go mbaineann Condon feidhm níos fíneáilte astu ar ‘Perth’ agus ‘At Once’).
Feileann an cur chuige lomchnámhach do spiorad leochaileach an albaim – tá Condon ar ais, agus ar ais i ngrá freisin, ach is amhráin iad seo a labhraíonn faoin éiginnteacht agus easpa muiníne.
Bheifeá féin in ísle brí tar éis éisteacht leis ach amháin na nóimeadaí geala (‘No No No’, ‘Fener’ is ‘Perth’), agus an t-aon phort uirlise, ‘As Needed’, a thugann faoiseamh éigin ó amhránaíocht chráite Condon duit leath slí tríd lena silíní de ghiotár fuaimiúil, agus veidhlíní snagacha.
B’fhéidir go bhfuil Condon tar éis filleadh ar an stiúideo go ró-luath tar éis a chliseadh néarach, ach is cinnte fós go sásóidh an t-albam olagónach seo a éisteoirí díograiseacha.
Grianghraf: Drew Reynolds