Om Unit – Threads

Seánra ceoil ar thóir slánaitheora é ceol druma agus dord le fada an lá. Is fear é Jim ‘Om Unit’ Coles a bhfuil nós aige ar chleas nó dhó chun blas nua a thabhairt don stíl.

Cé go bhfuil ceol nua-jungle iontach comhléirithe ag Coles le Machinedrum Mheiriceá mar Dream Continuum, agus buillí ar mire footwork Chigaco caite faoi bhun sheod-rianta Roni Size, LTJ Bukem agus Adam Faige faoin ainm bréige Philip D Kick, bíonn smaointe is clistí Coles le clos agus é ag feidhmiú mar Om Unit.

Le haimsiú ar scoth-lipéid mar Exit, Metalheadz agus Autonomic, tá paisean, tallann agus tuiscint le clos i ngach a bhfuil eisithe ag Coles le trí bliana anuas.

An dá rud is súntasaí a thugann Om Unit go dtí an chóisir dhruma agus dord ná spás agus anam. Spás bronnta ag a bhuillí glana, snasta a leagann béim ar rithim leath-luais 80bpm an cheoil.

Tá macalla do shaol ceoil eile Coles mar an léiritheoir hip hop 2tall le clos sna buillí céanna, chomh maith le tionchar na glúine níos sine léiritheoirí druma agus dord – daoine mar Digital, Photek, Amit agus dBridge.

Na sraitheanna ollmhóra síntéiseora atmaisféaracha as a dtógann Coles a chuid rianta is bunús le gné anamúil a bport. Sa mhéid sin ta Coles go mór faoi chomaoin ag ceol Vangelis na Gréige – táid siúd ann a deirfeadh nach bhfuil a athmheascán neamhoifigiúil Om Unit de ‘Le Singe Bleu’ le Vangelis sáraithe aige le haon cheann dá léiriúcháin féin.

Albam é ‘Threads’ a chuireann béim ar an bhfiric gur minic an singil níos oiriúnaí mar fhormáid don gceoltóir atá ag plé le ceol leictreonach ná an t-albam. Tá poirt mar ‘Nagual’, ‘Jaguar’ agus ‘Governer’s Bay’ iontach cumhachtach ach ní albam é ‘Threads’ a bheireann ort ó thús deireadh.

Déanann Coles a bhealach tríd stair an dordcheoil leictreonaigh ó luas 140bpm go 170bpm go slachtmhar, ag meascadh gnéithe éagsúla go slachtmhar mar is mian leis, ach ag pointe áirithe cailleann sé snáithe a scéil.

Tá ‘The Silence’ i dteannta an amhránaí Jinadu cosúil le Phil Collins le buillí éadroma jungle. Ní chuireann rappáil MC Jabu nó Gone The Hero leis an albam puinn, ach an oiread.

Lá éigin eiseoidh lipéad éigin bailiúchán de scoth-singilí agus athmheascáin Om Unit. Seod doshéanta a bheas ann. Ní féidir amhlaidh a rá i gcás ‘Threads’, cé go mbeadh sé ina thús- phointe réasúnta maith d’éinne nach mbeadh ceol Coles blasta cheana féin acu.

SCÉALTA EILE