Oscail an turgnamh taitneamhach

Grandbrothers – ‘Open’


Mórphianó atá i gceist leis an ‘grand’ in ainm Grandbrothers, dísreach (Erol Sarp & Lukas Vogel) lonnaithe i nDusseldorf na Gearmáine a bhíonn a cumadh ceoil a bhfuil an mórphianó mar thus le gach uile ghlór ann.

Fad a sheinneann Sarp an mórphianó féin bíonn Vogel ag déanamh samplála agus próiseála ar an gceol, ag tógaint patrún mionsaothraithe as nótaí Sharp.

Agus casúir ceangailte le fráma an phianó ag Vogel atá faoi smacht cnaipí ríomhaire, tagann buillí an cheoil as adhmad na huirlise – rud atá glic, ach ní chomh glic leis na slata leictreamaighnéadacha atá aige a chuireann téada an phianó ag luascadh fiú gan teagmháil a dhéanamh leo.

Spéisiúil, déarfá, ach cad faoin gceol féin?

Seo ceol turgnamhach ‘éadrom’, gan masla a bheith i gceist.

Tá Grandbrothers ag iarraidh eispéireas urghairdeach a bhronnadh ar a n-éisteoirí, agus éiríonn leo don gcuid is mó.

Shamhlófá go mbeadh seó beo na beirte ina phléisiúr ceart.

Chuirfeadh píosaí séiseacha, hiopnóiseacha mar ‘Blood Flow’ slua na bhféilte ceoil ag rince chomh maith céanna le electronica fíneáilte Pantha Du Prince.

Tá macallaí den rif ó ‘La Ritournelle‘ le Sébastien Tellier le sonrú i rif ‘Sonic Riots’, ach tá fuinneamh cinéiteach an phoirt féin níos cosúla le ceol Gogo Penguin.

Nochtann ‘London Bridges’ gné níos machnamhaí dá bhfuaim, agus cinntíonn píosaí measartha dúshlánacha mar ‘White Nights’ agus ‘1202’ nach mbeidh baol diaibéitis ort de dheasca an iomarca siúcra cluaise.

Rogha mhaith mar ábhar éisteachta dá mbeadh turas fada romhat istoíche.

SCÉALTA EILE