Panda Bear chomh neamheaglach, dáiríre is a bhí riamh

D’ainneoin mhéid na huaillmhéine a bhaineann le ceol eachtrúil an mhór-ghrúpa indie-cheoil Animal Collective, gan trácht ar an ndílseacht dhíograiseach a spreagann siad ina lucht éisteachta, ní raibh fonn orm éisteacht riamh le halbam iomlán dá gcuid ó thús go deireadh. Ní hé ná rabhas meallta ag cúpla amhrán iontach (‘Girls’, ‘Sport Brother’) ar mhór-albam an ghrúpa, Merriweather Post Pavilion (2009), ach nuair a chuala an ceol a bhíonn á éisiúint ag ball den ngrúpa, Noah Lennox, faoin ainm Panda Bear den gcéad uair thuigeas go raibh Lennox freagrach as gach gné de cheol Animal Collective a thaitníonn liom agus ceann ar bith nach dtaitníonn.

D’fhuaimnigh albam deireanach Panda Bear (Panda Bear Meets The Grim Reaper, 2015) ar nós cór-bhuachalla fásta ar tógadh é le ceol comhthimpeallach Aphex Twin, buillí hip hap Pete Rock agus dub-cheol King Tubby léirithe ag Sonic Boom (Spacemen 3) mar, bhuel, sin díreach a bhí ann.

N’fhéadfá a rá go bhfuil aon snámh ina sheasamh ar bun ag Lennox i gcás Buoys.

Deir Lennox go raibh sé i gceist go mbeadh fuaim “a d’aithneodh cluasa óga” ag an albam, agus tá sé le clos. Taobh thiar den ndeasc fuaime an babhta seo tá Rusty Sanchez, fear a bhfuil tuiscint aige ar theicnící léiriúcháin ó thréimhsí caite i mbun oibre le leithéidí chumadóirí footwork Traxman agus DJ Rashad.

Saothar níos milse agus níos scaoilte ná Grim Reaper é Buoys.  Tá deireadh, nach mór, leis an gcruachadh gutha a bhí mar ghné d’fhuaim Panda Bear le fada ar mhaithe le cur chuige níos dírí ó thaobh na hamhránaíochta de.

Amhrán válsa bog, machnamhach é céad-amhrán an albaim, ‘Dolphin’, déanta as glór an ghiotáir acústaigh, éifeachtaí fuaime uisciúla agus dord-líne bhog a chruthaíonn atmaisféar geall, séimh a mhaireann ar feadh an tsaothair.

Tá liricí agus dúnadh Lennox chomh neamheaglach, dáiríre is a bhí riamh. Má chan Lennox faoi ábhair phearsanta cheana (bás a athar, dualgais an fhir teaghlaigh) dhein sé iarracht i gcónaí cruth uilíoch a chur ar a mhothúcháin ar mhaithe an éisteora. Téama Buoys ná an pictiúr mór – meas agus tuiscint ort féin agus baill eile an chine dhaonna in ainneoin ár laigí. Nuair a chanann sé “we ran away, don’t we run away” ar ‘Inner Monologue’, nó “why did I fly so high?” ar ‘Cranked’ níl gá le míniú.

Má tá cuma aisteach, b’fhéidir, ar líne mar “Want to tell you that I want to tell you that I want to tell that I want to tell you that I want to tell you that I want to tell you that I want you” (‘Token’) is é breactha síos, cuimhnigh ar an ndraíocht a bhaineann le curfá ‘Ever Fallen In Love‘ The Buzzcocks?!

Tá Lennox den tuairim  gur “dub-cheol an lae inniu” a bhfuil i gceist le ceol trap. Tá tionchar na stíle úd le clos, i ndrumaí teasctha agus dord-líne dhomhain ‘Token’, go háirithe – cé go bhfuil spás agus binneas a dhóthain anseo le go bhfuaimníonn Buoys go maith ar challairí éadroma do ríomhaire glúine (mar is ar a leithéid a bhíonn cluasa óga ag éisteacht, le fírinne) má cheanglaíonn tú Buoys le córas fuaime le dealramh cuireann dord-mhinicíochtaí ísle amhrán mar ‘Token’ agus ‘Home Free’ an troscán ag léimt trasna an urláir.

Is cuma do rogha trealamh éisteachta – éist le Buoys faoi thrí is beidh beirthe ag Panda Bear ort.

 

SCÉALTA EILE