‘Maraíonn an saothar seo ionoirfiní’

Gné bhuan de cheol na stíle teicneó í dúspéis lucht a léirithe i gcruth na todhchaí. Ba é Neil Rushton, úinéir an lipéid ceoil Network, a roghnaigh an téarma Techno mar chur síos ar an bhfunc teibí leictreonach a bhí á chumadh ag Juan Atkins, Derrick May agus Kevin Saunderson as Detroit ó lár na 1980idí a aghaidh, agus an bailiúcháin Techno! The New Dance Sound of Detroit  á thiomsú do mhargadh na hEorpa aige i 1988.  

Ag iarraidh idirdhhealú a dhéanamh idir fuaim cheol leictreonach Detroit agus stíl House chathair Chicago a bhí Rushton. I nótaí cludaigh an bhailiúcháin úid, mhinígh Derrick May go raibh difríocht ó thaobh measa de i gceist. 

“Tá croí an cheoil House fós i gceol dioscó na 70idí. Níl pioc den mheas sin againne ar an am a caitheadh, seo ceol na todhchaí amháin,” a dúirt sé. 

Is í an todhchaí téama láir albam debút Paula Temple, Edge Of Everything,  léiritheoir a bhfuil aird idirnáisiúnta a ghnothú aici le blianta beaga anuas as fuaim fhíochmhar a seó beo. Is soiléir ó theidil rianta Edge Of Everything (‘Futures Betrayed’, ‘Raging Earth’, ‘Post Scarcity Anarchism’) nach samhlaíonn Temple aon saol útópach romhainn ina réiteoidh an teicneolaíocht fadhb an athruithe aeráide agus easpa cothromaíochta idir aicmí. 

Tá Temple ar buile, agus is saothar brúdúil, dorcha, diúltach é Edge Of Everything dá bharr.  

Saothar ealaíonta, cumhactadh é chomh maith. Ach seachain tú féin, a léitheoir: maraíonn an saothar seo ionoirfiní. An t-aon uair riamh a mhothaíos in ísle tar éis a bheith amuigh ag rith (in ionad roimhe!) bhí mé tar éis éisteacht le Edge Of Everything ina iomlán ar na cluasáin.

Ar nós morán daoine eile na laethanta seo bímse ag iarraidh a bheith eolasach agus gníomhach faoi chúrsaí aeráide agus polaitíochta gan a bheith chomh sáite iontu go gcaillim mo mhisneach ar fad. 

Bhí ceoltóirí ag impí orainn a bheith níos freagraí i dtaobh cúrsaí timpeallachta sular chan  Marvin Gaye ‘Mercy Mercy Me (The Ecology)’ in 1971.  Árdú seachas titim meanman atá uaim ó phíosa ceoil,  agus tá dul amú ar Temple má mheasann sí go bhfuil buillí tuairgneacha, glóranna riastartha sintéiseora agus téad-uirlisí cóirithe in umar na haimlise chun glúin nua éicealaochra a ghríosadh chun gnímh.

Mar ráiteas ealaíonta faoi mhothúcháin mná amháin, éiríonn le ‘Edge Of Everything’. Táim cinnte go mothaíonn Temple níos fearr tar éis cruth fuaime a chur a mothúcháin feirge. Domsa, áfach, mar éisteoir, tá blas ar an mbeagán i gcás Edge Of Everything.

Cé nach dtugann rianta sceirdiúla gan bhuillí mar ‘Berlin’ agus ‘Nicole’ aon sásamh dom, mar phíosai aonair tá rianta don úrlar rince mar ‘Joshua & Goliath’, ‘Quantum Unfolding’ agus ‘Raging Earth’ go diail.  

Leacaí monailiteach de cheol teicneó iontach fisiciúil a bhfuil luach catairseach ag baint leo. 

Stuif láidir – ní mholaim go n-ólfá an buidéal iomlán siar in aon bholgam amháin.

SCÉALTA EILE