Manu Dibango – ‘Bande Originale Du Filme Ceddo’
Lonnaithe i mBrighton Shasana agus Páras na Fraince, tá obair ar siúl ag an lipéad ceoil Africa Seven den saghas a chuireann goimh cheart ar bhailitheoirí ceoil ardnósacha: atheisiúint de shean-seoda cheirníní Aifrea-func, snagcheoil agus dioscó nach mbíonn le fáil in aon áit eile ach ar phraghas do-íoctha.
Mar dhioscmharcach, táim féin fíorbhuíoch de Africa Seven as rianta mar ‘Na Real Sekele Fo Ya‘ le Pasteur Lappe a chur ar fáil ag praghas níos réasúnta ná an €200 a bhí á lorg ag amhantraithe an tsuímh Discogs tráth.
Eisithe ar dtús sa bhliain 1977, agus cumtha ag an gceoltóir Camarúnach Manu Dibango, is fuaimrian machnamhach le blas na teibíochta é Ceddo don scannán, leis an ainm céanna, leis an scríbhneoir-stiúrthóir Seineagálach Ousmane Sembene.
Cur síos mall, brónach é an scannán féin ar an achrann agus coimhlint a thiteann amach i mbaile beag tuaithe sa tSeineagáil nuair a chasann rí na dúiche ar an gcreideamh Ioslamach i gcoinne thoil na gcomóntach (nó ‘ceddo’) siar sa 17ú haois.
Tá a luach stairiúil féin ag an scánnán, is dócha, ach ní foláir a rá gurb é fuaimrian Dibango an rud is pléisiúrtha fé.
In ainneoin cháil Dibango mar shacsafónaí, ar Ceddo cloisimid é i mbun ceoil ar an vibreafón agus col ceathrair Afracach na huirlise úd, an mairimbe, don gcuid is mó.
Tá géilleadh stíle do bhlas jazz-funk síodúil gan mheáchan, leithéidí Isaac Hayes na 70í, agus fuaim ghrúpa Headhunters Herbie Hancock, ach bronann an mhór-úsáid bainte as gléasanna Afracacha – na drumaí, go háirithe – a bhlas féin ar an dtaifeadadh seo.
Is fada meas agam ar luach rianta rince Dibango mar ‘Soul Makossa’ agus ‘New Bell’, ach níor thuig mé cumas an fhir chun ceol domhain, fíneáilte don éisteoir a chóiriú go dtí gur chaitheas ‘Ceddo’ ar an gcaschlár.
Péarla eile beirthe aníos ón íochtar ag ceirníní Africa Seven.