Nuair a chuir na Pixies deireadh lena dtost 23 bliain le heisiúint a n-albaim ghiobógaigh Indie Cindy in 2014, scríobh mé go raibh ré an ghrúpa thart agus nach bhfillfeadh sí go deo.
Tar éis dom éisteacht le Head Carrier scata babhtaí le seachtain anuas, seasaim leis an tuairim úd.
Tá Head Carrier níos fearr ná Indie Cindy, gan amhras, ach ní albam iontach é in aon chor.
Grúpa atá ag iarraidh breith ar dhraíocht an cheoil ar dheineadar taifead air idir na blianta 1987-91 atá le clos ar Head Carrier.
Thar aon albam eile, is é draíocht an albaim Dolittle (1989) atá siad ag iarraidh a cheapadh arís, más fianaise an tslí a seolann ‘All I Think About Now’ isteach ar rif giotáir bainte nach mór nóta ar nóta ó thús ‘Where Is My Mind’.
An t-aon rud faoi cheol na Pixies atá chomh sláintiúil is a bhí le linn ré órga an ghrúpa ná gaiscíocht phiriteicnice Joey Santiago ar an ngiotár.
Ach cén mhaith é?
Níl dóthain amhrán maith á soláthar ag ceannaire an ghrúpa, Black Francis, agus tá a chumas mar amhránaí ag meath air.
Ar ‘Baals Back’ déanann Francis iarracht canadh sa scread sin a thug sé uaidh ar ‘Tame’ (Dolittle), ach níl sé in ann a thuilleadh.
Ní deas é a rá – casadh Francis orm agus mé i mo dhéagóir, agus is fear lách, gnaíúil é – ach tá an scread sin a bhí ina rud scanrúil tráth den saol anois ina rud náireach.
Ar a laghad tá an bhearna a cruthaíodh nuair a d’fhág Kim Deal, iar-dhordghiotáraí íocónach an ghrúpa, líonta ag Paz Lenchantin.
Níl éinne ag iarraidh níos mó ar Lenchantin ná stíl fhuaimintiúil Deal, cnagadh doird, a aithris –agus tá sí ábalta go maith chuige.
Níl sí chomh hábalta céanna mar amhránaí, faraor.
Tá glór Lenchantin ina chuntraphointe milis ag amhránaíocht Black Francis síos tríd an albam, ach i gcás amhrán mar ‘Oona’ agus ‘Might As Well Be Gone’, níl sí in ann an neart agus an t-údarás a bhain le hamhránaíocht Kim Deal a mhúscailt.
Le ceart, is dócha nach bhfuil ach toil Black Francis á déanamh aici, ach téann Lenchantin thar fóir ina hiarracht tondath ghlór Deal a chur ar a cuid amhránaíochta féin.
Tuigtear gur mhinic Francis agus Deal go mór in adharca a chéile le linn do Deal bheith sna Pixies.
Gabhann Francis leithscéal le Deal i gceann des na hamhráin nua, ‘All I Think About Now’.
Nach ait an rud, mar sin, gur iarr Francis ar Lenchantin, ionadaí Deal, liricí an amhráin a chanadh?
Amhrán breá é – buíochas nach beag le nótaí loiscneacha giotáir Joey Santiago – ach tá teorainn leis mar ghníomh croíbhrú (act of contrition) gan Francis a bheith sásta na línte a rá óna bhéal féin:
“Remember when we were happy,
If I’m late can I thank you now?”
Níl draíocht anseo.
Níl aon rud uafásach ann ach an oiread.
Tá indie-rac fódúil go leor le clos ann, ach ní shin atá uainn ó Pixies.
Má tá aon cheann den 5 shár-albam a d’eisigh Pixies suas go 1991 agat, níl gá agat le Head Carrier.
Muna bhfuil siad agat, aimsigh iad, agus bíodh an diabhal ag an albam lagmheasartha seo.