Glacfaidh amhránaithe aitheanta Gaeltachta as Ulaidh, Connachta, agus Mumhain páirt i gcomóradh speisialta a dhéanfar ar an gcumadóir agus pianadóir Mícheál Ó Súilleabháin sa Cheoláras Náisiúnta an mhí seo chugainn.
Beidh Lillis Ó Laoire, as Gort an Choirce; Síle Denvir, as Cois Fharraige; agus Iarla Ó Lionáird, as Múscraí i measc na n-amhránaithe agus na gceoltóirí a bheidh ar an ardán i mBaile Átha Cliath agus an cheolchoirm Lumen – The Music of Mícheál Ó Súilleabháin: A Celebration of Light ar siúl ar an 2 Meán Fómhair.
Ar na ceoltóirí eile a bheidh i láthair beidh Mike McGoldrick ar an bhfliúit; Mark Redmond ar na píopaí uillinn; Liz Doherty, Aidan O’Donnell, Katie Boyle, agus Zoë Conway ar an bhfidil; Mel Mercier ar an mbodhrán; agus Kenneth Edge ar an sacsafón. Beidh an Cheolfhoireann Náisiúnta ann faoi stiúir David Brophy freisin.
Bronnfar Gradam Saoil an Cheolárais Náisiúnta ar mhuintir Mhíchíl Uí Shúilleabháin, a bhásaigh in 2018, ag an ócáid. Cloisfidh an lucht éisteachta leithéidí ‘Templum’ agus ‘Bean Dubh an Ghleanna’ ón gceolfhoireann agus na hamhráin ‘An Buachaill Caol Dubh’ agus ‘Port na bPúcaí’ á gcanadh ag Iarla Ó Lionáird, chomh maith le Fill Arís – an cóiriú ceoil a réitigh Mícheál d’fhilíocht Sheáin Uí Riada á chanadh ag Síle, Lillis, agus Iarla.
Rugadh Mícheál Ó Súilleabháin i gCluain Meala i dTiobraid Árann in 1950 agus bhí sé ina mhac léinn ceoil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ó 1969 go 1973 mar a raibh tionchar mór ag an Riadach agus Aloys Fleischmann ar a chuid cumadóireachta féin. Chuir sé spéis sa cheol clasaiceach agus i gceol traidisiúnta na hÉireann araon agus cheangail sé an dá chineál ceoil le chéile ina chuid oibre féin. Chuir sé an chéad LP amach in 1975 agus bhain sé PhD sa cheol amach in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste in 1987.
D’oibrigh sé as lámh a chéile leis an gCeolfhoireann Aireagail go minic ar thograí dála Oileán, Casadh agus Templum. Casadh a shaothar Lumen os comhair mhuintir na hEorpa ag Comórtas na hEoraifíse 1995. Bhí sé ina Ollamh le Ceol in Ollscoil Luimnigh agus bhunaigh sé an Irish World Music Centre (Irish World Academy of Music and Dance).
Bhí sé ina chathaoirleach ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann agus ar Chultúr Éireann, agus ina chomhalta boird den Cheoláras Náisiúnta, Ionad an Cheoil Chomhaimseartha, an Cheolfhoireann Aireagail, agus Compántas Damhsa Daghda.
Is féidir ticéad a cheannacht don cheolchoirm anseo.
.