Podchraoladh nua ina mbailítear Laoithe na bhFiann le seoladh inniu

Tá an-áthas orm an podchraoladh speisialta seo a chur amach. Podchraoladh ar leith atá ann a bhaineann le tionscadal iontach a raibh deis agamsa a bheith páirteach ann. 

I mí Eanáir 2023 chaith mé seachtain le ceoltóirí, amhránaithe agus le scéalaíthe ó Albain agus ó Éirinn mar chuid de thionscadal a d’eagraigh TRACS (Traditional Arts & Culture Scotland) le tacaíocht ó Bhord na Gaidhlic agus Iomairt Colmcille. Bhí an-lúcháir orm glacadh leis an chuireadh le bheith ag comhoibriú le Mairi MacMillan, Mhairi Hall, Mairtainn McIntyre agus Eamon Doorley, ag fiosrú seanlaoithe na bhFiann  – sin scéaltá agus amhráin faoi na Fianna. 

Thug sé deis iontach dom taighde a dhéanamh faoi na laoithe anseo in Éirinn agus mar chuid den taighde sin tháinig mé ar ‘Laoi an Amadáin Mhóir’ á ceol ag Seán Bán Mac Grianna as Rann na Feirste agus é i mbun cainte ag ócáid ag Ollscoil na Banríona siar sna 1960idí. Scríobh Seán Mac Corraidh páipéar faoin chaint sin agus rinneadh taifeadadh ar an fhear bhán ag canadh na laoi chomh maith. Ní fhéadfá an taifeadadh seo a cheannach dar liom féin mar fuair mé amach agus mé i mbun taighde nach bhfuil mórán de na foinn a bhain le laoithe na bhFiann ar fáil anois in Éirinn, cé go bhfuil go leor acu in Albain. 

Tá dhá laoi a taifeadadh sna 1940í ar fáil i gCnuasach Béaloidis UCD darb ainm ‘Laoi na Mná Móire’ á ceol ag beirt fhear ó Ghleann Cholm Cille darbh ainm Micheal Ó hIgne agus Seámus Ó hIgne. Seachas na cinn sin, ní raibh mé ábalta teacht ar fhonn ar bith eile. 

Tá na céadta laoithe ar fáil go fóill i bhfoirm scríofa sa leabhar Duanaire Fionn. Ghlac mé laoi ón leabhar sin darb ainm ‘Laoi Ghráinne do Dhiarmuid’ agus chuir mé mo cheol féin leis mar chuid den tionscadal seo agus tá mé iontach buíoch go raibh an deis agam é sin a dhéanamh.

I ndiaidh bualadh leis an ghrúpa den chéad uair in Albain in 2023, chuir sé iontas orm an oiread laoithe a bhí le fáil in Albain agus na foinn ar fad leo. Bhí Mairi McMillan ábalta teacht ar leagan Gàidhlig de ‘Laoi an Amadáin Mhóir’ á ceol ag an Urramach William Matheson agus bhí na véarsaí díreach cosúil leis an leagan a chan Seán Bán cé go raibh an fonn iomlán difriúil. 

I rith na seachtaine sin agus muid ag cur aithne ar a chéile agus ar na laoithe, chuir muid píosa le chéile bunaithe ar ‘Laoi an Amadáin Mhóir’ leis na hamhráin, scéalaíocht le Martainn McIntyre agus ceol le Mhairi Hall agus Eamon Doorley ann. Beidh an píosa sin le cluinstin sa phodchraoladh seo. Chomh maith leis sin, chuir muid píosa le chéile bunaithe ar ‘Toraíocht Dhiarmada agus Ghráinne’. Arís eile bhí laoithe, scéalaíocht agus ceol sa phíosa sin. 

Bhí deis againn an obair seo a chur os comhair an phobail ag an Scottish International Storytelling Festival i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus arís ag Celtic Connections i mí Eanáir 2024 agus tá pleananna againn roinnt ceolchoirmeacha eile a eagrú amach anseo.

SCÉALTA EILE