Póg na beatha don druma & dord

Gradients


Cad é seo, go díreach?

Trí cinn déag de rianta druma is doird ó leithéidí Moresounds, D-Bridge, Sully agus Sam Binga tiomsaithe ag úinéir cheirníní Astrophonica, Charlie Fracture, a dhéanann ceiliúradh ar bhreithlá 5 bliana an lipéid.

Taobh le ceol na lipéad Exit agus Cosmic Bridge, tá eisiúintí Astrophonica tar éis póg na beatha a thabhairt don gceol druma is doird le blianta beaga anuas, seánra a mheasas féin a bheith ar leaba a bháis.

Tá an chéad leath den chlár Fracture ar Rinse FM siar in Eanáir 2015 ar an uair an chloig raidió is foirfe atá cloiste agam le blianta fada.

An bhfuil aon mhaith ann?

Níl sé de nós ag Charlie Fracture do chuid ama a chur amú.

Soláthraíonn Moresounds na Fraince píosa ragga-jungle dorcha, teann, teicniúil (‘Warriah’) dos na saighdiúirí dorda.

Le ‘Blink’ cruthaíonn Stray nach iad Peshay, High Contrast agus Jonny L amháin atá ábalta ceol na stíle diva house a athshamhlú mar cheol druma is doird.

Tá ‘BFT’ le Sam Binga ar an rud is fearr atá cloiste agam ó fhear óg chathair Bhriostó go dtí seo – é léirithe le rithim déanta as ‘glór boise’ á bhualadh agus mion-samplaí drámata gutha agus ropaireacht doird a chuirfeadh léirithe DJ Die ó lár na 90í i gcuimhne duit.

Tá an ‘dB VS 45 King’ bródúil de chuid d-Bridge go diail ar fad.

Is ag na léiritheoirí anaithnide atá aimsithe ag Fracture do Gradients atá roinnt dos na cleasanna is fearr, áfach.

Dordcheol toghchaíodh den saghas a bhíonn á eisiúint ag lipéad Brainfeeder atá in ‘Alphabet Ooz’ le Tehbis agus an ‘Cosmic Tales’ iontach de chuid Touchy Subject.

Tá ‘Snook’ le Lewis James as Baile Átha Cliath iontach gruama, port salach i spiorad tech-step na 90í léirithe, mar atá de nós ag Om Unit, chun béim a leagadh ar rithim leath-luais 80bpm an cheoil.

Tá Om Unit féin i láthair, i dteannta a leathbhádóra sa togra Philip D Kick, agus athmheascán juke-jungle cineamatach déanta acu de ‘Helios’ le Sully.

Laigí?

Tá ró-úsáid bainte ag Fracture féin agus Tusais as samplaí de rapadóirí Meiriceánacha ar ‘Back Up In This’ agus ‘Blakout’, faoi seach.

An breithiúnas?

Cé a dúirt go raibh deireadh le fórsa cruthaitheach an druma is doird?!

SCÉALTA EILE