Cuireadh tús le tionscal ceoil na Breataine Bige, mar is ceart, in 1969 nuair a bunaíodh an príomhlipéad Breatnaise, Sain.
D’eisigh siad ceirníní le ceoltóirí traidisiúnta na Breatnaise ach sa bhliain 1990 bhunaigh siad lipéad úr chun díriú ar mhargadh níos óige, agus ceol comhaimseartha an lae.
Go dtí sin, ní raibh lipéad mór ar bith ann ag amharc i ndiaidh rac-ghrúpaí Breatnaise, agus bhí na bannaí iad féin ag bunú lipéidí beaga chun a gcuid ceirníní féin a chur amach.
I ndeireadh na seachtóidí, agus sna hochtóidí, bhí baill de ghrúpaí cosúil le Catatonia agus na Super Furry Animals ag seinm i ngrúpaí Breatnaise. Ina measc bhí, Rhys Mwyn, dordghiotáraí le Anrefhn agus fear atá i gceannas ar an lipéad Crai anois.
“Bhí cineál post punk vibe ag tarlú agus bhí grúpaí ceoil ag reachtáil a gcuid lipéidí féin, agus ag éisiúint ceirníní singil seacht n-orlaigh. Bhí mise i mo bhall den ghrúpa Anhrefn, agus thosaigh muid ár lipéad féin in 1983, Anhrefn Records,” arsa Rhys.
“Bhí muid faoi thionchar léithéidí Factory Records i Manchain Shasana, agus an lipéad a bhí ag Crasse i dtús na n-ochtóidí. Bhí ár lipéad féin againn gan aon chúnamh airgid ón Stáit. Bhailigh muid airgead trínár ngigeanna féin a eagrú, agus chuirfeadh muid an brabús uilig isteach sa lipéad arís. Obair dheonach den chuid is mó a bhí ann, cé go raibh muid ag obair air go lán-aimseartha.”
Ba sa Bhreatain Bheag féin a bhí siad ag seinm den chuid is mó go dtí gur chuir duine de na láithreoirí raidió ceoil is mó sa Bhreatain ag an am spéis iontu féin agus grúpaí eile a bhí ag canadh as Cymraeg.
“Thosaigh John Peel ag seinm ár gcuid ceirníní idir 1985 agus 1987, agus mar gheall air sin, tugadh cuireadh dúinn coirmeacha ceoil a dhéanamh taobh amuigh den Bhreatain Bheag den chéad uair. Bhí níos mó tacaíochta againne ó dhaoine nach raibh Breatnais acu, mar go raibh níos mó i gcoitinn againne le grúpaí ceoil cosúil leis an Clash, agus na Sex Pistols. Ba í an Bhreatnais ár gcéad teanga, mar sin, bhí sé go huile is go hiomlán nádúrtha dúinne canadh i mBreatnais.”
Cé gur chan siad i mBreatnais, deir Rhys go raibh síad frithnáisiúnach.
“Grúpa punc a bhí ionainn agus meas againn ar gach aon chultúr. Ní raibh muid ag iarraidh daoine a choinneáil amuigh. Creideann muid go bhfuil an náisiúnachas caite i mbosca brúscair na stáire le fada. Scaip muide an scéala gur chóir duit do theanga féin a labhairt. Bhí cineál achrann inmheánach ansin sa ghrúpa maidir leis an dóigh is fearr leis an teachtaireacht a chur chun cinn. An mbeadh muid ar son cultúir, ar son indibhidiúlachais, frithnáisiúnach, nó caidé?
“Bhí níos mó tacaíochta againne ó dhaoine nach raibh Breatnais acu, mar go raibh níos mó i gcoitinn againne le grúpaí ceoil cosúil leis an Clash, agus na Sex Pistols. Ba í an Bhreatnais ár gcéad teanga, mar sin, bhí sé go huile is go hiomlán nádúrtha dúinne canadh i mBreatnais. Agus bhí muid ag mealladh daoine i dtreo na teangan lenár gceol. Ag an deireadh choinnigh an pholaitaíocht síar muid cionnas go raibh muid ró-radacach.”
Ach tá luach saothair anois ar a gcuid oibre. Tá an lipéad Crai iontach gnóthach, agus grúpaí ceoil cosúil le Big Leaves, Gogz, Maharishi, agus Gwenno ag eisiúint ceirníní atá ag tarraingt aird mhór ar cheol na Breatnaise.
“Tá grúpaí curtha ar fáil againn atá ag déanamh go maith ar an stáitse idirnáisiúnta, agus is cúis bróid dúinn go bhfuil grúpaí cosúil leis na Super Furry Animals, ina bhfuil iar-bhall Anhrefn ag buaileadh na ndrumaí, ag tabhairt cheol na Breataine Bige amach os comhair an tsaoil mhóir.”
Sa lá atá inniu ann tá beocht as cuimse i saol ceoil Cymraeg, réabhlóid a tosaíodh siar sna 60í, a neartaigh puncairí cosúil le Rhys sna 80í agus atá anois ag cur amach na scórtha amhrán roc agus pop gach bliain.
Ag croí na réabhlóide seo tá eagrais ar nós Cymdeithas yr Iaith Gymraeg agus Ciwdod a thugann deis agus tacaíocht do bhannaí nua a gcuid scileanna a thaispeáint dá bpobal féin.
Cool Cymru gan aon amhras.