Yí-há! Fórsa dosháraithe iad Amyl And The Sniffers as Melbourne na hAstráile. Ar albam début seo an ghrúpa, beirtear greim sceadamáin ort agus a tarraingítear trí ghloine bhriste thú caol díreach go dtí an log moshála. Seo rac-cheol don slogadh beorach seinnte mar ba cheart — glic, gonta agus gasta.
Tá fuinneamh teasaí an phunc-cheoil in uachtar, buíochas le cur i láthair dána, sotalach Amy Taylor, ach tá loirg Ramones agus AC/DC ar fhuaim Amyl And The Sniffers le sonrú ina gcóimhéid.
Amhráin thrí-chórda le rifeanna móra toirtiúla iad seo, ach níl aon leisce ar ghiotáraí an ghrúpa, Declan Martens, an páipéar a sracadh de bhallaí do sheomra suite le ruathar giotáir ghéirinteannaigh. Tá snas neamhghnách ar Amyl And The Snoffers mar aonad, ach tá moladh ar leith tuillte ag drumadóireacht Bryce Wilson. Tá cumas an fhir chun fuinneamh an cheoil a mhéadú lena chuid ciombal ina dhíol iontais.
Rac-réalta nádúrtha í Amy Taylor. Soibealtán le mullet fionn a bhfuil siúl giodalach fúithi. Tá féith an ghrinn inti, freisin. Cumas leathrann a chur i láthair ar bhealach a chuirfeadh duine ag sclugaíl gháire. “I like proving people wrong / It probably means I’ll die alone”, a chanann sí ar ‘Control’. “I don’t want nothing to do with it / I think you’re a fucking lunatic”, ar ‘GFY’.
Más punc-cheol é Amyl And The Sniffers, is ceol cóisire fós é seachas glaoch chun gnímh. Canann Taylor na línte“I want to help out the people on the street / But how can I help them when I can’t afford to eat?” ar ‘Gacked On Anger’, is fíor, ach nochtann curfá ‘Shake Ya’ fíor raison d’etre Amyl And The Sniffers: “I wanna shake ya, I wanna shake ya all night long / I wanna shake ya, until the moon becomes the sun”.
Mar a dúirt 50 Cent fadó, “all we do is bullshit and party”, agus más féidir léimt thart le rianta mar ‘Monsoon Rock’ faid is atáimid, bhuel, cén fáth nach mbeimis amhlaidh?
Tá Amyl And The Sniffers le fáil anois ar lipéad Rough Trade.