Bhí tromluí uafásach agam aréir, tromluí a tháinig faoi thionchar na drochíde a fuair mo chorp agus m’intinn i dtithe leanna Ghaoth Dobhair le tamall anuas déarfainn.
Bhí sé focan millteanach. Bhí Enda ina Thaoiseach sa DaorStát. Bhí Aire ar bheagán Gaeilge ina Aire Stáit Gaeltachta.
Bhí na Seoiníní i réim agus ag ceiliúradh ar fud na háite. Bhí an tír ina chac agus an t-aon áit a raibh postanna á gcruthú d’Éireannaigh bhochta ná Toronto, Perth agus Londain.
Fiú sa tearmann a bhí ag na Gaeil, Saol Slán Glan na nGael, bhí sé truaillithe ag ‘nine to fivers’ a bhí ag i gceannas anois ar (neamh)ghluaiseacht na Gaeilge Teoranta (really teoranta).
Foc, foc, foc, sábháil mé ón charn aoiligh gallda seo…
Ó cé, tá mé go breá, tá crith i mo lámha agus mo chnámha ach níl caill orm.
Tá mé múscailte anois agus ag tabhairt aghaidhe ar leigheas na póite.
Tá lúcháir orm gur mhúscail mé ó mo thromluí gránna.
Dála an scéil, bliain úr mhaith daoibh uilig companeros.
Tá mé anseo i m’oifig (cuntar an bheáir tigh Hiúdaí) sa Ghaeltacht is deise ar Domhan (tá mise claonta ar ndóigh), ag ullmhú le bheith ar ais ar aerthonnta náisiúnta na nGael ar RnaG.
Is doiligh díriú isteach ar chúraimí den chineál seo agus muid ag teacht ar ais i ndiaidh na Nollag.
Bhí am ar dóigh anseo i nGaoth Dobhair mar gur tháinig na céadta chun freastal ar Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair agus bhain muid uilig an-sult as an cheol agus an comhluadar den den chéad scoth…
Ach ag caint ar chúrsaí ceoil, nach iontach an bhliain a bhí againn?
Is iomaí buaicphointe a thug pléisiúr don chluas agus misneach don chroí – agus tá tuilleadh moltaí ag teacht uaim gan mhoill – ach seo chugaibh mo rogha den cheol nár cheart duit a chailleadh ó 2014.
Eithne Ní Uallacháin – Bilingua
Bailiúchán d’amhráin a taifeadadh tamall sular bhfuair an bhean chumasach seo bás go tragóideach sa bhliain 1999. Ceann do cheirníní na bliana tigh s‘againne.
Enda Reilly – Amhráin nua i nGaeilge
Is laoch iomlán é. Duine de na Gaeil seo gur féidir brath air 100%. Duine d’Óglaigh na bliana gan aon amhras.
Kíla – Suas Síos
Tháinig an t-albam seo go mall sa bhliain. Tháinig sé amach seachtain na Nollaig féin ach cheana féin tá sé ar sheinnteoir na gceirníní go minic ó shin. Speisialta.
Tony Mc Mahon agus Steve Cooney – Scaoil Amach an Pocaide – Beo ar an Spidéal
Maistrí an cheoil le chéile i mí Mhárta 2005 mar chuid d’Éigse an Spidéil. Eisithe i mbliana ar Raelach Records agus is fiú go mór éisteacht leis.
Colm Mac Séalaigh – Aon Scéal
Tá Na Fíréin ar ais, nó duine de na Fíréin ar ais ar a laghad. Ar fheabhas é a chluinstin i mbun ceoil arís… Colm Mac Séalaigh Abú!
The Gloaming – The Gloaming
Cad é is féidir a rá faoin bhanna seo? Ceann do cheirníní na bliana tigh s‘againne agus buaicphointe beo na bliana fosta. Bhí siad ar stáitse ag Womad 2014, an fhéile cheoil idirnáisiúnta is mealltaí, is réchúisí, is fearr dá raibh sé d’ádh orm freastal air riamh.
Caitriona Mc Kay & Chris Stout le Seamus Ó Beaglaíoch
An rud is annamh is iontach. Ceol ó Inse Shealtainn sa leaba le boscadóir Bhaile na bPoc.
The Boys of the Lough – The New Line
Tá na Buachaillí Úra ag coinneáil greim ar fhuaim na locha agus is fuinniúil an toradh.
Real World 25
Trí dhlúthdhiosca ag déanamh ceiliúrtha ar an cheol dochreidte atá eisithe ag an lipéad real world le cúig bliana is fichead anuas.
Peru Bravo
Bailiúchán de cheol sícideileach funcáilte as Peiriú sna seascaidí, seachtóidí ar lipéad Tiger Milk… Caithfear éisteacht.
Cathal Ó Cuireáin – Anois tá mé liom féin
Amhrán na bliana é seo domhsa. Déagóir tallannach ag cumadh ina theanga féin agus ag mealladh na sluaite dá bharr. Coinnigh súil ar Chathal agus a chairde in 2015.
Future Islands – Waiting On You
Cuirfidh mé rian amháin Béarla isteach don chraic. Amhrán breá cúláilte ó scothbhanna synthpop na Stát Aontaithe.
I measc na mbuaicphointe eile bhí: We Banjo 3 (Gather the Good); Paul O’Shaughnessy (An Céilí Ceol); Caladh Nua (Honest to Goodness); Danny Diamond (Fiddle Music); Donal Ó Ceallaigh (Bogadaí); Mutefish (360 Hangovers); 9bach (Tincian); Claudia Schwab (Amber Sands); Nuala Kennedy (Noble Stranger); Salsa Celtica (The Tall Islands); Baile an Sailsa (Tribu); Aldoc (From Tallaght to Halle); Aurelio (Landini); Toumani agus Sidiki Diabate (Toumani & Sidiki).
An dorn san aer do na Gaeil!