Bí cinnte go bhfuil duine éigin i Hollywood ag lorg na gceart chun scannán a léiriú bunaithe ar shaol Ramzi Aburedwan.
Le linn an Chéad Intifada (1987-1993) glacadh griangraf den Phalaistíneach óg ag caitheamh clocha le fórsaí forghabhala Iosrael.
Buachaill tanaí gan ach ocht mbliana d’aois i gcóta cró-dhearg lena láimh ardaithe aige chun cloch a chaitheamh le teannadh ar an namhaid, ba ghearr go raibh an íomhá le feiscint go forleathan mar phóstaer, agus Ramzi Aburedwan ina ógfhear cuidsúlach don gCéad Intifada ag muintir na Palaistíne dá bharr.
Idir an dá linn tá na clocha curtha uaidh ag Aburedwan agus an basúc agus an véidhlín pioctha suas ina n-ionad aige. Tar éis dó scoláireacht a bhaint amach, de sheans, chun staidéar ag an Conservatoire National de Angers sa Fhrainc tá Ramzi anois ina stiúrthóir ar an Palestine National Ensemble of Arabic Music.
Is é credo simplí Aburewan ná go bhfuil cultúr láidir ag teastáil chun tír láidir a chothú, agus tá beart déanta de réir a bhriathair aige le bunú Al Kamandjati – eagraíocht neamhbhrabúsach a mhúineann ceol clasaiceach do 400 teifeach ó Bheirut go Ramallah.
Scéal maith beatha leath na hoibre, mar a deir an fear margaíochta, ach cad faoi cheol Ramzi Aburewan?
Tá Reflections of Palestine ina phléisiúr neamhghnách. Is minic ceol Arabach ró-dheabhóideach don éisteoir Eorpach, agus na taifeadtaí rud beag ró-gharbh freisin.
Ní hamlaidh i gcás Reflections. Seo scoth an cheoil Arabaigh uirlise casta ag ensemble gur aoibhinn leo gach mionsaothrú séiseach agus luas a thairgíonn cumadóireacht eachtrúil Aburedwan.
Cinntíonn rogha uirlisí an ensemble (an basúc, an úide, an chláirnéid agus an bosca ceoil) go bhfuil gealas ar leith ag baint le Reflections, agus tá máistreacht na gceoltóirí Tareq Rantissi agus Bachir Rouimi ar a gcuid cnaguirlisí ina hiontas meadhránach.
Tá macalla glic de cheol giofógach Oirthear na hEorpa le clos sa tséis ordnáideach agus sna hathraithe drámatúla i luas an cheoil ar ‘Gitans En Orient’.
Cé go bhfuil blas níos machnamhaí ar phoirt mar ‘San Andresse’ agus ‘Badhar’ táid díreach chomh tarraingteach leis na poirt rince.
Is minic ‘aoibhneas’ luaite le ceol ag criticeoirí de bharr leisciúlachta, ach tá ceol Ramzi Aburedwan díreach sin: go haoibhinn.