Ras G – Ag Filleadh ar an bPláinéad

Tearmann de shaigheas é lipéad Brainfeeder Los Angeles do mhavairic- léiritheoirí a mhaireann ar imeall an dord-cheoil leictreonaigh.

Tá an lipéad tar éis sruth de scoth-bhuillí, idir
hip hop teibí, dord-techno agus func leictreonach, ó leithéid Lorn, Daedelus, Martyn, Mr Oizo agus Thundercat a eisiúint le blianta beaga anuas.

Sin gan trácht ar bhuillí iontacha sícidéalacha Flying Lotus, úinéir Brainfeeder.

Gar-nia de chuid Alice Coltrane (bean chéile John Coltrane agus pianadóir snag-cheoil, nach maireann) é Flying Lotus. Taobh le Lotus féin is é Ras _G an léiritheor is mó a leíríonn ina chuid cheoil ceangal anamúil Brainfeeder le hoidhreacht free jazz eitneach an 20ú aois – ceoltóirí mar Don Cherry, Pharoah Saunders, Alice Coltrane agus Sun Ra.

Más ag tabhairt aghaidhe ar an spás atá Ras G is chun rithimí a shinsear Afracach a scaipeadh i measc na n-eachtardhomhandach atá sé á dhéanamh.

Slí amháin chun éalú ón bpláinéad seo, gan dabht, é babhta meadhráin channabais féin-íocleasaithe, agus níl aon amhras ach gur chaith Ras G mórán raithní i ndéantús ‘Back On The Planet’.

Tá sé le clos sa tslí a dtagann críoch thobann gan chúis le haoibhneas ‘All Is Well’, agus i stobhach sonach ‘Find Ya Self (ANU Wrld)’. Níl masla i gceist – tá ‘Back On The Planet’ ar nós ceol hip hop léirithe ag fear gan dídeán i stiúideo tógtha aige taobh istigh de scipe bruascair iompaithe bun-os-cionn.

Shamhlófá go bhfuil na dord-fhuaimeanna bunaithe ar thaifidí déanta ar a shamplóir aige don ghlór tráchta. Garbh, sea, ach is fíor-cheol ón chroí é ‘Back To The Planet’.

Tríréad iontach de bhuillí briste, dord murtallach agus bluirí gutha é ‘OMMMMM…’/One 4 Kutmah’/’Culture Riddim’. Ceird ar leith í ceol
leictreonach a léiriú i stíl chomh scaoilte díchuingeach. Shamhlófá Jay Z teitheadh ó chanablaigh i lár na hAmasóine le gach “woo-ha!” agus fuaim an bherimbau
ar ‘Been Cosmic’ – is é an trua nach mbeirtear ar an mbastart!

Filleann ‘Injera, Lentils, And Kale’ ar ghlór clasaiceach an mini-moog a bhí chomh gar do chroí Sun Ra (gan trácht ar Fred Wesley agus Terminator X Public Enemy).

Agus an ráiteas “it ain’t over, muthafuckers!” mar thús leis, is iontach mar chríoch an “Jus There’ mall machnamhach fairsing.

Saothar anordúil iontach.

SCÉALTA EILE