Ainm an tsaothair nua?
Rastafari: The Dreads Enter Babylon 1955-83
Cad é seo, go díreach?
Íomhá intinne d’aghaidh ghealgháireach Bob Marley agus é ag amharc amach ó thaobh thiar de thoitcheo trom raithní, a spreagann an focal ‘Rastafari’ don ghnáthéisteoir ceoil.
Cé go dtuigeann an díograiseoir reigé go bhfuil níos mó i gceist leis an gcreideamh rúndiamhair Rastafari ná leithscéal chun éalú isteach i meadhrán cannabais ar bhonn laethúil, is minic nach mbíonn tuiscint domhan acu ar iomlán an scéil.
Cén t-ionadh? Is beag loighce a bhaineann le fealsúnacht agus rialacha an chreidimh Abrahámaigh ‘Rastafari’, foilsithe an chéad lá i leabhar ‘The Promised Key’ thiar sa bhliain 1935, leis an bhfísí Iamácach, Leonard Howell nó ‘An Chéad Rasta’ mar ab fhearr aithne air. (Ach le bheith macánta, ar bhain loighic riamh le cúrsaí creidimh?)
Insint chruinn, thaitneamhach don aineolaí, i bhfoirm cheoil agus leabhráin chuimsithigh staire, é Rastafari: The Dreads Enter Babylon 1955-83 ar ról an chreidimh Rastafari i bhforbairt cheol Iamácaigh i gcoitinne, agus i ngluaiseacht cearta sibhialta bhochtáin na tíre sa tarna leath den 20ú haois.
An bhfuil aon mhaith ann?
Ón bport mento ‘Ethiopia’ (1955) le Lord Lebby & The Jamaican Calysonians go ‘Better Must Come’ leis an réalta óg Dancehall QQ (a bhí deich mbliana d’aois nuair a rinneadh an taifeadadh i 2005) tá an stuif seo ina phléisiúr.
Tá ceol Count Ossie i lár an aonaigh. Bhí leagan Count Ossie de ‘Oh Carolina’ (1950) i dteannta Prince Buster ar an gcéad cheirnín riamh ar a raibh drumadóireacht láimhe nyabingi le clos, agus tá lorg stíl drumadóireachta Ossie le sonrú i gcás fhormhór na n-amhrán eile ar an dtiomsúchán, is cuma cé atá freagrach astu.
Tá poirt Ossie féin mar ‘Narration’, ‘Mozambique’ agus ‘Soul Drums’ ina gcomhleá iontach bríomhar de dhrumadóireacht dheasghnáthach nyabinghi, scéalaíocht, stair agus eilimintí snagcheoil avant-garde leithéidí Sun Ra agus John Coltrane.
Éiríonn le Soul Jazz ré roots reggae na seachtóidí a chlúdach go cuimsitheach gan díriú ar shaothair na gceoltóirí mór le rá (Burning Spear, Culture, Dennis Brown, Marley & srl) a bheadh i mbailiúchán an díograiseora reigé cheana féin.
Ina n-ionad siúd cloisimid an ‘Booma Yeah’ láidir lonrach ó Ras Michael, an ‘Rasta Dreadlocks’ trom, trodach ó The Heaven Singers, an ‘His Imperial Majesty’ síodúil, croíúil le Rod Taylor, agus seoda ó Johnny Clarke (‘Better Must Come’), Earth & Stone (‘Jah Will Cut You Down’), agus Ashanti Roy (‘Hail The Words of Jah) is é ar iasacht ón ngrúpa gutha reigé is fearr riamh, The Congos.
Mar a bheifeá ag súil leis i gceirnín de chuid Soul Jazz tá obair thar na bearta déanta ar an leabhrán eolais, idir ábhar scríofa agus shean-ghrianghraif chartlainne.
Laigí? Tagann gríos amach trí chraiceann daoine áirithe ar chlos ceoil reigé dóibh, cinnte, ach más duine acu sin thú ní bheadh spéis agat sa léirmheas seo ar aon nós.
An breithiúnas? Tá lón anama agus intinne le haimsiú ar an mbailiúchán breá seo.