Grúpa nua é Ré a d’eascair ó Rian, seó ceoil agus damhsa a tharraing Liam Ó Maonlaí agus an cóiréagrafaí mór le rá Michael Keegan Dolan le chéile, in éineacht le ceathrar ceoltóirí traidisiúnta agus ochtar damhsóirí comhaimseartha.
Anois, ceithre bliana óna gcéad léiriú in Amharclann Gaiety i mBaile Átha Cliath, tá ceoltóirí Rian tar éis tús a chur le fiontar nuálach agus a gcéad albam a seoladh ar na mallaibh.
Is é Liam Ó Maonlaí a bhailigh na ceoltóirí le chéile ón chéad lá agus a chuaigh i dteagmháil le baill an ghrúpa; Cormac Ó Beaglaoich (Consairtín), Eithne Ní Chatháin (Fidil agus Guth), Maitiú Ó Caiside (Píoba Uillinne) agus Peter O’Toole (Olldord).
Is rud as an ghnách é go mbeadh ceoltóirí traidisiúnta ag teacht le chéile i ngrúpa ceoil ar an tslí sin, gan mórán de thaithí acu a bheith ag seinm le chéile.
“Bhuaileas le Liam timpeall cúig bliana ó shin ar thuras go Cúba, nuair a bhí muid ag seinm le m’athair. Ach ní raibh aithne ag an gcuid is mó againn ar a chéile. Ní raibh aithne ar bith agam ar Mhaitiú ná fiú puinn taithí agam a bheith ag seinm le píoba uillinne” arsa Cormac Ó Beaglaoich, le gáire.
Muna raibh aithne acu ar a chéile roimhe, tá sé curtha ina cheart ó shin.
“Nuair a bhíomar le Rian, chaitheamar na seachtainí ag seinm agus ag seinm. Tá stór mór d’amhráin agus de phoirt againn anois ar féidir linn a tharraingt uaidh,” arsa sé.
Admhaíonn Cormac go raibh sé saghas amhrasach faoi pháirt a ghlacadh sa seó nuair a chuala sé faoi don chéad uair.
“Is dócha gur shamhlaigh mé seónna damhsa le Riverdance nó Lord of the Dance, mar a dhéanann go leor. Ach ní bheadh puinn suime agam a bheith páirteach i seónna den saghas san. Braithim go mbíonn an-chuid den phearsantacht caillte le seónna móra.”
Ar cheann de na rudaí is suimiúla maidir leis an togra Rian ná go raibh damhsóirí ó gach aon charn den domhan páirteach ann. Damhsóirí proifisiúnta ón Nigéir, An Gréig, An Danmhairg, agus Gána ina measc nach raibh aon chur amach acu ar an cheol traidisiúnta.
“Rinne siad cumadh leis an cheol agus bhí sé go hálainn na híomhánna a fheiscint a mhúscail an ceol iontu,” arsa Cormac.
“Anois nuair a bhíonn muid ag casadh le chéile braitheann muid go bhfuil na rinceoirí timpeall. Ní bhíonn siad linn ach is páirt den ghrúpa iad.”
Bhí an-rath ar Rian nuair a bhí sé ar an bhfód, seó ar éirigh leis gnéithe éagsúla den cheol traidisiúnta a thabhairt chun solais fríd an cheol agus damhsa, a chuaigh isteach i réimse a bhaineann le deonacht, saoirse, mothúchán agus tuiscint. Ar an bhunús céanna, is mian le Ré leanúint leis sin agus fáilte a chur roimh an éisteoir géilleadh don cheol.
“Le dhá bhliain anuas, bhí caint ar bhanna a thosú agus albam a dhéanamh. I rith an tsamhraidh ansin, thug mé cuireadh don ghrúpa teacht agus seinm i Séipéal San Nioclás i nGaillimh,” arsa Cormac, áit a reáchtálann sé ceolchoirmeacha samhraidh.
Taifead beo atá san albam agus tá an lucht féachana le cloisteáil ann, rud a chuireann leis an atmaisféar agus a léiríonn an ceangal idir na ceoltóirí agus na héisteoirí.
“Bhraithfeá ag éisteacht leis go bhfuil sé saghas ‘raw’. Ach sin mar a bhí sé ar an oíche.
“Shuíomar síos, sheinn muid trí phíosa a bhí mar chuid den seó. Lasmuigh de sin, ní raibh aon seitliosta againn, ní raibh aon chleachtadh againn agus ní raibh aon chóiriú déanta. Sheinneamar na rudaí a tháinig chugainn.
“Tá dearúdaí i gcuid de na rianta, más dearúdaí atá iontu ach tá sin le brath i seisiúin agus gach aon rud beo. Is mar sin a tharla sé, tá muid macánta mar gheall ar sin.” arsa seisean.
“Nuair a bhíonn tú ar stáitse agus muna bhfuil a fhios agat cad atá ag teacht ina dhiaidh caithfidh tú a bheith aireach!”
Mhínigh Cormac gur mar sin a dhéanann Liam Ó Maonlaí a chuid gigeanna.
“Ní bhíonn a fhios agat cad a bheith ar siúl ag aon staid den oíche. Oíche amháin, chuaigh Liam amach leis féin agus thug sé cuireadh dúinn teacht amach agus díreach seinm ina theannta. Bhí sé ar fheabhas ar fad.”
“Uaireanta nuair a bhíonn an iomarca cleachtaidh déanta, bíonn sé leamh. Má tá tú macánta ionat féin, macánta ó thaobh an cheoil de, déantar ceangal le daoine.
“Beidh babhtaí agus seinnfidh tú port míle uair agus seans nach mbeifeá sásta leis ach deich faoin gcéad den am ach tá sin i gceart. Má scaoileann tú leis agus má tá tú macánta faoi sílim go dtagann sin tríd,” arsa Cormac.
Tá Ré ag súil le camchuairt a dhéanamh timpeall na tíre sna míonna amach romhainn.