Thosnaigh Karen Sheridan na hardcathrach ag eisiúint indie-cheoil taibhsiúil faoin ainm cleite ‘Slow Skies’ siar in 2012. Fiú agus gan ach dornán EPanna eisithe ag Slow Skies ó shin, tá seans go bhfuil glór meallacach Sheridan cloiste agat i ngan fhios duit féin mar tá úsáid bainte ag lucht léirithe na sraitheanna teilifíse Meiriceánacha Lost Girl agus Station 19 as singilí Slow Skies — ‘On The Shore’ agus ‘Fire’ — i bhfuaimrianta na gclár úd. Tar éis printíseachta Sheridan ag oscailt seónna beo do leithéidí St. Vincent agus James Vincent McMorrow, tá albam debut Slow Skies, Realign, le fáil anois.
“Tréimhse a bhí ann ina raibh athrú ag teacht orm mar dhuine, agus ina raibh orm measúnú a dhéanamh ar a lán rudaí a bhain le mo shaol. Is ón amhrán ‘Realign’ a thóg mé teideal an albaim, amhrán dóchais agus lúcháir, iniúchadh ar chumas an duine athrú ar mhaithe leis féin agus na daoine timpeall air is cuma chomh holc is a bhí cúrsaí san am a chuaigh thart,” a dúirt Sheridan agus í ag labhairt faoi scríobh agus taifeadadh an albaim.
Rinne Sheridan cur síos do NÓS ar an seacht rian ceoil is mó a chuaigh i bhfeidhm ar fhuaim agus ar chruth an albaim.
Is é cóiriú an amhráin seo a mheallann ar ais chuige arís is arís eile mé. D’éist mé go minic leis agus an t-albam á thaifeadadh agam. Is aoibhinn liom go mothaíonn sé ar nós go bhfuil na ceoltóirí ar fad istigh in aon seomra amháin, agus, cé gur tugadh aire mhaith do mhionsonraí an cheoil, go bhfuil blas na fuaime chomh horgánach sin. Braithim go nochtann an modh taifeadta a roghnaíodh croí an amhráin don éisteoir. Bím leagtha go talamh ag téaduirlisí an ocht láir gach babhta, iad chomh hálainn, searbhmhilis.
Is foinse inspioráide ollmhór dom an t-albam seo (Diamond Mine, 2011) ina iomlán. Is breá liom an slí a measctar fuaimeanna leictreonacha agus glórtha atmaisféaracha le taifeadadh díreach an ghutha agus an ngiotáir. Comhcheangal aisteach é, ach éiríonn go hiontach leis. Tugann an torann cúlrach sin an t-amhrán chun beatha go mór.
Bhí tionchar mór ag an albam The Fisherman’s Woman ar an bpróiseas taifeadta do ‘Realign’. Is aoibhinn liom chomh pearsanta, gar don chluas is atá glór Emiliana. Mothaíonn sé nach mór go bhfuil sí ag canadh in aice leat i gcaifé. Tá sé chomh hálainn, suaimhneasach. Theastaigh go mór uaim go mbeadh an blas pearsanta sin ag baint le cuid de na hamhráin ar mo cheirnín. Is breá liom an rud go bhfuil deireadh an amhráin difriúil leis méid a thagann roimhe. Taitníonn struchtúr neamhghnách an amhráin liom. Mothaíonn sé nach mór ar nós srutha smaointeachais, rud a chuireann go mór le blas réchúiseach, suaimhneasach an amhráin.
Bhí an t-albam Carrie & Lowell le Sufjan Stevens á chasadh gan stad agam faid is a bhí Realign á scríobh agam. Tá fonn an amhráin seo chomh haoibhinn, géarmhilis. Is breá liom na liricí — bíonn Stevens ag scríobh le hionracas dáiríre, agus cé mbíonn sé dorcha uaireanta ní chuireann sé riamh drochmhisneach ort. Chuir glór Stevens i gcomhar leis na liricí agus a mhéarphiocadh éadrom ar an ngiotár fonn orm amhrán a bheadh chomh domhain, álainn leis a chumadh.
Arís, is breá liom simplíocht an amhráin seo. Tá glór Hannah chomh galánta sin, agus an nóiméad a chuala mé a céad líne “You keep your love just out of reach” cuireadh creathanna tríom. Píosa scáinte é, gan ann ach glór Hannah agus pianó, agus cnaguirlisí i dtreo an deiridh, ach níl gá le haon rud eile.
Tá an t-albam seo, Ruins, 2014, ar cheann de na cheirníní is giorra do mo chroí. Cuirfidh sé i mo chodladh i gcónaí mé, é chomh sáimhríoch. D’éist mé leis an amhrán seo fad is a bhí Realign á scríobh agam, agus bhuail an mothúchán a chruthaíonn sí mé ar an bpointe. Is ar éigin ar féidir leat a cuid liricí a chloisint, ach corraíonn an t-amhrán go mór tú. Tá sé nach mór ar nós cuimhne leathdhearmadtha nó caidreamh atá tar éis dul i léig. Bhí fonn orm amhráin a thaifeadadh agus é sin sa cheann agam. Theastaigh uaim a bheith cinnte go mbeadh an t-atmaisféar agus an mothúchán sin i gceist fiú agus gan mo chuid liricí a bheith doiléir.
Amhrán niamhrach amach is amach é seo. Táim faoi gheasa ag Ms. Marling, agus seo amhrán eile a bhí á sheinnt arís agus arís eile agam fad is a bhí Realign á dhéanamh agam, agus beidh i gcónaí. Éist agus bain sult as glór na mná seo, murar éist cheana féin.