Réamhbhlaiseadh ar Ghradaim NÓS i sraith físeán!


Tá físeáin á bhfoilsiú ar líne faoi láthair a thugann spléachadh ar na hiomaitheoirí atá ar ghearrliosta na rannóige ‘Banna / Ceoltóir na Bliana’ ag Gradaim NÓS 2018.

Sna físeáin feictear Gaeil aitheanta ag éisteacht leis na bannaí agus ag tabhairt a mbreithiúnais ar a gcuid ceoil.

Tá físeáin de IMLÉ, Kíla, Seo Linn agus Lauren Ní Chasaide seolta cheana féin agus foilseofar na cinn eile idir seo agus an Aoine, lá mór na nGradam sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath.

Is é BLOC, togra nua idirlín de chuid TG4, atá ag foilsiú na bhfíseán agus atá mar urraitheoir ar an rannóg ‘Banna / Ceoltóir na Bliana’.

Beidh Gradaim NÓS 2018 á gcraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 8in Dé hAoine agus i measc na mbuaicphointí i mbliana tá an duais le haghaidh ‘Amhrán na Bliana’ – cuirfear an t-amhrán buach ar sheinnliosta 2FM den chéad uair.

Muna bhfuil do thicéad agat go fóill is féidir é a fháil anseo & coinnigh súil ar Twitter agus Facebook BLOC an tseachtain seo le haghaidh tuilleadh físeán agus, ar an oíche féin, sruthú beo ón Sugar Club!

SCÉALTA EILE