Rébhuillí Pheiriú ó Kanaku & co.

Ní fhéadfá gan a bheith meallta ag fuaim rósamhach, leisciúil Kanaku Y El Tigre, grúpa indie as Lima Pheiriú.

Cén duine nach mbeadh fiosrach faoi albam agus an buille tosaigh (Quema, Quema, Quema) cosúil le Manu Chao ag glacadh ról Nick Cave mar cheannaire The Bad Seeds in aimsir Let Love In?

Quema, Quema, Quema ar an chéad saothar nua-thaifeadta atá seolta ag stábla Tiger’s Milk, lipéad a bhunaigh an dioscmharcach agus príomhchócaire Martin Morales le scoth an cheoil Pheiriúigh, idir shean agus nua, a eisiúint.

B’fhurasta do Morales breith ar ár gcluasa leis na hiontaisí de sheoda anaithnide mambo, cumbia, chicha agus funk sícideileacha a bhí le clos ar thiomsacháin atheisithe Tiger’s Milk (Peru Maravillosa agus Peru Bravo) ach beidh jab níos deacra aige Kanaku Y El Tigre a bhrú chun cinn lasmuigh de Pheiriú.

Deirtear go raibh chéad albam an ghrúpa (Caracoles, 2010) ina chnag ina dtír dhúchais ach, cé go bhfuil blas de stíl léiriúcháin Manu Chao ann, go bunúsach seo indie-cheol dos na hipsters i dtraidisiún Beta Band agus Eels.

No tengo problema con los hipsters ach molfar Quema, Quema, Quema leis an gcoinníoll seo amháin: tá srian ar an méid sásaimh a bhainfidh daoine nach bhfuil an Spáinnis ar a dtoil acu (mé féin ina measc) as indie-cheol canta sa teanga úd.

Cloisim ceol aoibhinn misniúil lán de chrúcaí milse, moilliú síofrúil, sleamhnú giotáir loinnreach agus armóiní aoibhne, sea, ach tar éis trí nó ceithre amhrán imíonn mo smaointe le fán agus tá ceol Kanaku Y El Tigre dearmadta agam.

Merde – ar mo alma mater atá an locht nach raibh de rogha againn don Ardteist ach Fraincis!


SCÉALTA EILE