Reggae, Rac agus Trad Craiceáilte

Filleann Cabaret Craiceáilte Ghaoth Dobhair Dé Sathairn seo, 27 Samhain, agus tá oíche den scoth curtha le chéile arís eile ag Rónán Mac Aodha Bhuí agus a phosae.

Tá an sár-ghrúpa reggae agus sca, Bréag, ar ais don tríú huair le lucht Thigh Hiúdaí a chur i mbun damhsa agus táthar ag súil go mór le tiúineanna spraíúla na leaids seo as Gaeltacht Bhéal Feirste, atá ceangailte leis an ghluaiseacht Chraiceáilte ón fhíor-thús 17 bliain ó shin.

Beidh racairí na príomhchathrach, The Dirty Nines (thuas), ann chomh maith – banna a bhuaigh an comórtas ceoil Deis Roc cúpla bliain ó shin – agus dar le Cian McCarthy ón ghrúpa nach féidir leo fanacht le dul amach ar an ardán clúiteach Gaelach.

“Seo an chéad uair riamh dúinn bheith ag seinm i dTír Chonaill,” arsa sé.

“Chuala muid rudaí iontacha faoin Chabaret ó Henrietta Game agus dá bharr sin tá muid ag siúl go mór leis an gceolcoirm!”

Is é Macdara Ó Conaola, amhránaí an-chumasach as Inis Oírr, a bheas ag déanamh ionadaíochta ar an cheol traidisiúnta ar an oíche agus beidh a chomrádaí ceoil, Camille Champarnaud as Páras na Fraince, in éineacht leis chomh maith le blas idirnáisiúnta ar chur ar an ócáid.

Is i dTigh Hiúdaí, An Bun Beag, a bheas an Cabaret ar siúl mar is gnáth agus osclófar na doirse ar 8.30in. Níl ach €5 ar chead isteach.

Mar a deir an tUasal Mac Aodha Bhuí é féin; “Déanaigí dearmad ar an phrácás atá déanta ag lucht gaimbín den tír agus bainigí sult as an réabhlóid Chraiceáilte!”

SCÉALTA EILE