Renaissance Ceoil Cois Coiribe

Tá athbheochan cheoil ag tarlú i nGaillimh i láthair na huaire, dar le Cian Ó Cíobháin. An raibh sé ag súil leis? Ní raibh. An bhfuil sé páirteach ann? Tá. Labhair láithreoir An Taobh Tuathail le Méabh Ní Thuathaláin.


Cé go raibh sos cúpla bliain ag 110th Street agus The Hive, oícheanta ceoil de chuid Chian Uí Chíobháin agus Cyril Brisceo a thosaigh mall sna 90í, tá siad beirt ar ais ar bhonn míosúil ag casadh ceirníní sa Factory agus sa Róisín Dubh i gcathair na Gaillimhe.

Tá an renaissance is mó atá feicthe ag Cian le deich mbliana ar siúl i nGaillimh faoi láthair, le daoine óga lán fuinnimh ag reáchtáil oícheanta éagsúla agus scaifte ag teacht fríd sna fichidí luath a bhfuil dúil mhór acu sa cheol.

“Ní fhacas an athbheochan seo ag teacht in aon chor,” arsa seisean.

“Bhí cúpla bliain nuair nár chuir muid an oíche ar siúl. Measaim go raibh an Ghaillimh an-chaillte ansin ar feadh tamaill. Ní raibh an spéis ann chun na hoícheanta á reáchtáil. Nuair a thosaíonn tú ag cailliúint airgid ar oícheanta á reáchtáil, cailleann tú féin suim de réir a chéile.”

Chomh maith le 110th Street agus The Hive, tá oícheanta éagsúla fán chaithair ar nós, Cult, Alice, Back to the Future ar siúl go rialta.

“Níor chualas ainmneacha ar chlubanna mar sin le blianta. Tá sé chomh deas iad a fheiceáil arís.

“Nuair a bhíos ag dul amach sa Ghaillimh sna 90í, bhí clubanna nua ag teacht ar an fhód gach cúpla seachtaine.

“Mhairfaidís ar feadh tamaill agus d’imeoidís arís. Bhí Bóthar na Trá lán le clubanna agus bhíodh do rogha oícheanta ann idir ragaee, ska, techno agus indie i rith na seachtaine,” a dúirt sé

Is dea-scéal é do lucht an cheoil leictreonaigh go bhfuil na hoícheanta nua seo faoi bhláth ach tá na deacrachtraí céanna ag cur bac ar fhorbairt shuntasach san earnáil, dar le Cian.

Faoi láthair dúnann na clubana i gCorcaigh, Luimneach agus Gaillimh idir a dó agus leath i ndiaidh a dó ar maidin.

I mBaile Átha Cliath agus Béal Feirste, is mó seans go bhfaighfeá áit éigin atá ag dul ar aghaidh níos faide san oíche ach ceapann Cian go bhfuil na clubanna i gcoitinne ag dúnamh i bhfad ró-luath.

cian-2

“Níl an rithim atá ag daoine ag teacht leis na huaireanta oscailte,” ar seisean.

“Is é an nadúr atá ag daoine ná a bheith sa chlub roimh meán oíche agus tamaill a chaitheamh i mbun cainte agus cúpla deoch a hól sular dtéann siad ag damhsa. Faoin am go dtosaíonn cuid mhaith daoine ag damhsa, bíonn sé thart.”

Tá Éire i bhfad taobh thiar ar thíortha eile san Eoraip, ar nós na Gearmáine agus na Spáinne, tíortha atá ag tarraingt cuairteoirí ar feadh saoire deireadh seachtaine mar gheall go mbíonn na clubanna oscailte go dtí a cúig nó a sé ar maidin.

Ba bhreá le Cian – a bhfuil a clár ceannródaíoch ar Raidió na Gaeltachta, An Taobh Tuathail, ag ceiliúradh 14 bliain ar an fhód i mbliana – ba bhreá leis go mbeadh Éire á cur chun cinn mar thír a dtiocfadh le cuairteoirí teacht chuici agus blaiseadh a fháil ar cheol atá á chasadh timpeall na tíre.

“Fiú amháin sa Bhreatain, tá múnlaí éagsúla acu le dul i ngleic leis an fhadhb seo. Stopann an beár ar feadh tamaill agus leanann an ceol. B’fhiú rudaí a thriail.”

Ceann de na deacrachtaí eile atá le brath ag djannaí in Éirinn ná go bhfuil deireadh ag teacht le ré na gceoltóirí ‘cónaithe’.

Mhínigh Cian go bhfuil sé ag éirí i bhfad níos coitianta go mbeadh clubanna ag fáil djannaí mór le rá as tíorthaí eile chun sluaite móra a tharraingt isteach.

Is beag gig rialta atá ar fáil ach sin iad na gigeanna is mó a thaitníonn leis an Chíobhánach.

“Tá rud éigin ar leith ag baint le ‘residency’, ar seisean.

“Bíonn deis agat aithne a chur ar na daoine a thagann isteach. Nuair atá tú ag casadh ar oíche ar leith, in éineacht le dream ar leith agus atmaisféar ar leith, tá draíocht i gceist leis, ní féidir an mothúchán sin a sharú.”


Éist: An Taobh Tuathail, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Luan go hAoine, 9-11i.n. 92-94FM.

Lean: An Taobh Tuathail ar Facebook agus Twitter.

Téigh: 110th Street agus The Hive – oícheanta ceoil a bhíonn Cian ag reáchtáil i nGaillimh go míosúil. Tuilleadh eolais anseo.

SCÉALTA EILE