Rí na Straidhpí Bána, Jack White

Bíodh is go bhfuil eolas as cuimse ag Jack White ar rac-cheol na 20ú haoise, ó na gormacha go garage go grunge, bíonn bunús simplí i gcónaí lena chuid amhrán a chinntíonn go n-éiríonn leo fiú agus iad léirithe go hacústach.

Gluaiseann Acoustic Recordings 1998-2016 go cróineolaíoch ó luathcheol The White Stripes go heisiúintí The Raconteurs agus ceol aonair White, agus é ag roghnú rianta acústacha ar feadh na slí.

Ní bailiúchán é Acoustic Recordings d’amhráin a bhí i bhfolach san áiléar ag White, ach más fíor gur eisíodh formhór na n-amhrán seo cheana ní laghdaíonn sin an sásamh atá ag baint leis an gcnuasach.

Agus tú ag éisteacht leis na 26 amhrán bailithe anseo tuigeann tú an oiread ard-amhrán atá taifeadta go hacústach ag White thar na blianta; ‘Hotel Yorba’, ‘We’re Going To Be Friends’ agus ‘It’s True That We Love One Another’ gan ach trí chinn ó ré The White Stripes a lua.

Tá cúpla rud nua le clos, leis – ar nós ‘City Lights’, an chéad eisiúint “úr” ó The White Stripes le hocht mbliana.

Cumtha le linn seisiún Get Behind Me, is machnamh thar rif blues é ‘City Lights’ ar an uaigneas, castacht an chairdis, agus cúrsaí clainne:

“Can you combine a friend and mother,
Can you blend a dad and brother,
Must we have to be one or the other,
Will we know this or always wonder?”

I measc na bport eile nár eisíodh cheana tá leagan acústach breá de ‘Top Yourself ‘ le The Raconteurs a chuireann breis béime ar eilimintí bluegrass an phoirt, agus léamha simplí ar ‘Just One Drink’ agus ‘Love Interruption’.

É sin ráite, má tá difríocht idir ‘alternate version’ de ‘Hip (Eponymous) Poor Boy’ agus an bunleagan atá le clos ar an albam ‘Blunderbuss’, níor éirigh leis na cluasa seo é a aithint!

SCÉALTA EILE