Más ceol rince bríomhar, spleodrach atá uait tabhair cluas le héisteacht do chlár Finn ar NTS Radio, áit a mbíonn an DJ/léiritheoir óg ag caitheamh meascán mearaí ceirníní speed garage, geiteo-house, b-more, agus Hardcore na seanré le chéile ar bhonn míosúil amhail is nach faic é.
Toradh an chur chuige mhisniúil chéanna é go bhfuil an Do What You Want Forever EP dá chuid ar cheann de cheirníní na bliana domsa. Ceol hipear-fhuinniúil, lúfar léirithe, a mheasfá, mar ábhar rince do ghleacaithe a bheadh ar na ribí de bharr Buckfast!
Sheol Finn liosta chugainn dá rogha féin scoth-rianta ón urlár damhsa in 2019. Fear ar bheagán focal, lig Finn don gceol labhairt ar a shon féin!
1 – No Harm (Anz)
2 – DN4 (India Jordan)
3 – Warper (India Jordan)
4 – Untitled (Michael J Blood)
5 – Cong Burn 05 (Chekov / Doppelate / Camin / Howes)
6 – The NYC Dance Project (MoMA Ready)
7 – Champagne Circuits (Sharda)
8 – departt from mono games (LOFT)
9 – Breakin Necks (UNIIQU3)
10 – For Love (Jaques Greene)
Ta Do What You Want Forever le Finn le fáil anois ar cheirníní Local Action